Scríbhneoir Sualannach ab ea Selma Ottilia Lovisa Lagerlöf (1858 – 1940).
Do rugadh í i mainéar Mhårbacka, suite i gcúige Värmland na Sualainne, ar an 20ú lá de Shamhain agus do fuair sí bás ar an 16ú lá de Mhárta san áit chéanna. Duine desna scríobhnóirí Sualannacha is cáiliúla is ea í. Do bhí sí ar an gcéad bhean riamh a fuair Duais Nobel na Litríochta, duais a bronnadh uirthi sa bhliain 1909, agus do bhí sí ar an gcéad bhean a bheith ina ball d'Acadamh na Sualainne leis. Do ghlac sí ballraíocht san Acadamh sa bhliain 1914. Is é an leabhar leanaí Nils Holgerssons underbara resa genom Sverige (1906-07) an leabhar is clúití dá cuid.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Selma Lagerlöf, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.