Nath Laidine í res publica arb é is brí leis ná gnó nó ábhar nó rud a bhaineann leis an bpobal.
Is é an bhrí le res ná gnó nó rud, agus is aidiacht é publicus, publicum, publica a thagraíonn don phobal nó don phoiblíocht, cosúil leis an aidiacht Gaeilge "poiblí".
Ina lán teangacha, tá an focal a chiallaíonn poblacht bunaithe ar an nath Laidine seo, cosúil le republic an Bhéarla, Republik na Gearmáinise, république na Fraincise, республика/respublika na Rúisise agus rzeczpospolita is republika na Polainnise - is aistriúchán focal ar fhocal ar an nath Laidine é an chéad fhocal acu, nach dtagraíonn ach do na poblachtaí sa Pholainn féin.
Mar sin féin, is gá cuimhne a choinneáil air nach ionann res publica agus poblacht. Sa Laidin, is gnách feidhm a bhaint as an focal res ("rud", "gnó") leis na hainmfhocail theibí a sheachaint - mar shampla, deirtear res rustica nó "an rud tuathúil", "an gnó tuathúil" sa chiall "talmhaíocht". Is é is bunbhrí le res publica, dá réir sin, ná "an rud poiblí", "an gnó poiblí", "na cúrsaí pobail".
An rud ar leis an bpobal é sa Róimh, ba chuid den res publica, is é sin, de na gnóthaí poiblí nó d'acmhainn an phobail é. D'fhéadfadh sé gur sráid nó foirgneamh a bhí ann, ar chuid den mhaoin phoiblí é. I gcoitinne, ba leis an bpobal gach rud nár bhain le duine phríobháideach.
Le himeacht ama, ghreamaigh brí eile den res publica, is é sin, na gnóthaí rialtais agus riaracháin. Ansin, bhí res publica ag tagairt don chóras rialtais agus don bhaint a bhí ag an gcóras rialtais leis an bpobal. Sa bhrí seo, is ionann gnóthaí poiblí agus gnóthaí rialtais.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Res publica, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.