Fisicí Meiriceánach a saolaíodh in Indianapolis, Indiana ab ea Philip Warren Anderson (13 Nollaig 1923 - 29 Márta 2020).
Rinne sé taighde bunúsach ar sháinniú leictreoin in ábhar ar mí-eagar, obair a d'oscail an bealach do ghrianchealla, trasraitheoirí scannáin thanaí, is xéaragrafaíocht.
Chuidigh sé i míniú iamhairt Josephson, na forshilteachta is an mhaighnéadais. I gcomhar le John van Vleck is Nevill Mott, bhuaigh sé Duais Nobel na Fisice sa bhliain 1977 as a staidéar bunúsach teoiriciúil ar struchtúr leictreonach córas maighnéadach is córas ar mí-eagar.
Fuair sé bás in Princeton, New Jersey.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Philip Warren Anderson, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.