Amhránaí agus scríbhneoir amhrán folk-rock Sasanach is ea Michael David Rosenberg nó Passenger mar is fearr aithne air (rugadh 17 Bealtaine 1984).
Bhí Rosenburg ina phríomhamhránaí agus scríbhneoir amhrán in Passenger, banna ceoil, agus nuair a bhris an banna ceoil suas sa bhliain 2009, lean sé ag casadh amhrán faoin ainm céanna. Bhain a shingil “Let Her Go” barr na gcairteanna in a lán tíortha.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 17 Bealtaine 1984 39 bliana d'aois Brighton, England |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Ceol agus amhránaíocht |
Gairm | amhránaí is scríbhneoir, cumadóir, giotáraí, amhránaí, ceoltóir |
Tréimhse oibre | 2003 – |
Seánra | Ceol tíre agus ceol tíre indie |
Teangacha | Béarla |
Cineál gutha | Baratón |
Uirlis | Giotár agus ceol gutha |
Lipéad ceoil | Nettwerk |
Suíomh gréasáin | passengermusic.com |
Rugadh Rosenberg in Brighton & Hove, Sussex Thoir, i Sasana do mháthair Shasanach agus d’athair Meiriceánach arbh as Vineland, New Jersey dó. Giúdaigh ab iad muintir a athar. D’fhoghlaim sé an giotár clasaiceach agus é ina bhuachaill, agus nuair a bhí sé timpeall is 14-15 d’aois, thug sé faoi amhráin a scríobh. Níor leag sé a intinn ar a chuid oibre scoile in Brighton, ach chaith sé a chuid ama ar an gceol ina háit sin. D’éirigh sé as an scoil in aois a 16 bliana le gairm an cheoil a chleachtadh, agus chaith sé cúpla bliain mar cheoltóir sráide i Sasana agus san Astráil. Tá cónaí air in Brighton anois. Tá sé ina thacadóir le Arsenal FC.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Passenger (amhránaí), which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.