Is páirc phoiblí mhór in iarthuaisceart Bhaile Átha Cliath in Éirinn í Páirc an Fhionnuisce.
Páirc an Fhionnuisce | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Laighean | |||
Iar-eintiteas críochach riaracháin | Contae Bhaile Átha Cliath | |||
Baile | Baile Átha Cliath | |||
Tíreolaíocht | ||||
Achar dromchla | 707 km² | |||
Eile | ||||
Logainm.ie | 1166557 | |||
Suíomh gréasáin | phoenixpark.ie… |
Tá sí ar cheann de na páirceanna poiblí cathrach is mó san Eoraip. Tá Áras an Uachtaráin (áit chónaithe oifigiúil Uachtarán na hÉireann), Deerfield (áit chónaithe oifigiúil Ambasadóir Stáit Aontaithe Mheiriceá), Zú Bhaile Átha Cliath, agus Ceanncheathrú an Gharda Síochána go léir laistigh den pháirc.
Tá achar 712 heicteár sa pháirc, le go leor gort, coillte agus lochán inti. Tá balla seachtrach atá 11 ciliméadar ar fhad ina thimpeall.
Is é Áras an Uachtaráin áit chónaithe oifigiúil d'Uachtarán na hÉireann.
Is é Caisleán an Ásaigh an foirgneamh is sine sa pháirc. Tá sé in aice Ionad Cuairteoirí na Páirce, agus tá bialann ann.
Tógadh cros bán ollmhór do chuairt an Phápa sa bhliain 1979. D'fhreastail thart ar mhilliún duine ar Aifreann ag an am.
Osclaíodh an Zú sa bhliain 1831. Anois tá suíomh an Zú thart ar 60 acra.
Tógadh Dún na hArmlainne sa bhliain 1735 in áit an "Phoenix Lodge".
Tá ceanncheathrú na nGardaí suite i bPáirc an Fhionnuisce
Tá ospidéal do sheanóirí lonnaithe sa pháirc.
Is iomaí áiseanna spóirt sa pháirc. Imríonn Na Gaeil Óga CLG cuid dá gcluichí baile ann agus déanann go leor foirne dá gcuid traenáil ann.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Páirc an Fhionnuisce, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.