Scríbhneoir Éireannach, gearrscéalaí agus aistritheoir is ea Pádraic Breathnach.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 12 Iúil 1942 81 bliana d'aois Maigh Cuilinn, Éire |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir |
Teangacha | An Ghaeilge |
Rugadh Breathnach i gCoill Bruachlán, Maigh Cuilinn, Contae na Gaillimhe sa bhliain 1942. Fuair sé a chuid oideachais i gColáiste Mhuire, Gaillimh agus i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh. D'éirigh leis sé céim sa Ghaeilge agus sa Stair agus MA sa Ghaeilge agus Ard-Teastas san Oideachas a bhaint amch. Chaith sé seal mar oide scoile. Sa bhliain 1969 ghlac sé post mar Léachtóir le Gaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach. Sa bhliain 1992, bhronn an Foras Gael-Mheiriceánach Duais an Bhuitléaraigh air.
D'aistrigh Gabriel Rosenstock cuid dá ghearrscéalta go Béarla (The March hare and other stories, Cló Iar-Chonnachta, 1994). Aistríodh ceithre dá shaothair ghearrscéaltaíochta go Béarla sa leabhar Fourfront (Cló Iar-Chonnachta, 1998) agus tá saothair leis aistrithe go hAlbáinis, Rómáinis, Cróitis, Polainnis freisin.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Pádraic Breathnach, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.