Sa Chríostaíocht, is éard is naomh ann ná duine a aithnítear mar thar a bheith naofa, nó mar dhuine a bhfuil gaol an-ghairid aige nó aici le Dia.
Mar sin féin, braitheann úsáid an téarma naomh ar an gcomhthéacs agus ar an sainchreideamh. Sa Chaitliceachas, Ceartchreidmheachas, Anglacánachas, agus Liútarachas, creidtear gur naoimh iad na daoine go léir atá ar shlí na fírinne, ach gur fiú níos mó onóra a thabhairt do dhaoine áirithe. Bronntar aitheantas oifigiúil, agus dá réir sin cultas poiblí adhartha, ar naoimh áirithe trí “chanónú” san Eaglais Chaitliceach, nó “glóiriú” in Eaglais Cheartchreidmheach an Oirthir.
Tagann an focal naomh ón tSean-Ghaeilge noíb, ó Phrótai-Cheiltis *noybo-, ó Prótai-Ind-Eorpais *neybʰ- (“beannaithe, naofa”).
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Naomh, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.