Amhránaí ar an seannós ab ea Nan Ghriallais, Áine bean Uí Fhátharta (2 Aibreán 1936 - 19 Samhain 2018).
agus duine de mhóramhránaithe sean-nóis na hÉireann.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 2 Aibreán 1936 Muiceanach idir Dhá Sháile, Éire |
Bás | 19 Samhain 2018 82 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí |
Teangacha | An Ghaeilge |
Gradam a fuarthas | |
Is í Nan Ghriallais an dara duine riamh a bhuaigh Corn Uí Riada nuair a thug sí an corn sin léi ag Oireachtas na Gaeilge i 1973. Bhain beirt deirfiúracha léi Corn Uí Riada chomh maith, Sarah agus Nora.
Rugadh Áine, nó Nan mar ba mhó a thugtaí uirthi, sa mbaile ar an 2 Aibreán 1936, Tógadh í i Muiceanach Idir Dhá Sháile, ar dhuine den dáréag clainne a bhí i dteaghlach ceolmhar mhuintir Ghriallais, a bhfuil a gcáil i bhfad is i ngearr as a gcumas fonnadóireachta. Bhí Nan ar an tríú duine clainne. agus oileadh í ar Scoil Náisiúnta Leitir Mucú. Bhuaigh sí an chéad duais i gcomórtas de chuid na feise agus gan í ach aon bhliain déag d’aois.
Mar a rinne a lán dá haois thug Nan a haghaidh ar Bhoston Mheiriceá sa bhliain 1952. Chaith sí roinnt blianta ann, ag déanamh obair tí den chuid is mó. Phós sí Seán Ó Fátharta (Seán an Fhátharta) as an Tuairín sa mbliain 1960 i mBostún.
In 1964 d'fhill sí ar Chonamara a dúchais, ar Mhuiceanach. Fuair sí post i dtús na seachtóidí leis an stáisiún nua Raidió na Gaeltachta, ag obair sa chistin. Thug sí fiche bliain ag obair ansin ó 1972 go 1992, nuair a chuaigh sí ar scor.
Aitheantas a bhí san onóir sin don mháistreacht agus an mhuinín as an ngnáth a bhí ag Nan as an amhrán agus as a dúchas ceoil féin agus an t-anam agus an nádúr a bhí ina cuid fonnadóireachta.
D’éag 19 Samhain 2018, tar éis a bheith tinn le tamaill anuas.
I mí na Márta 2019 a bhásaigh a deirfiúr Nora Ghriallais, amhránaí cumasach eile, agus an t-aon bhean riamh a bhuaigh Corn Uí Riada trí huaire. Bronnadh Gradam Shean-Nós Cois Life na bliana 2019 ar Nan, ar Nóra agus ar Sarah in éindí mar gheall ar an saibhriú a rinneadar ar an amhránaíocht ar an sean-nós.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Nan Ghriallais, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.