Ba pholaiteoir Éireannach de chuid Shinn Féin é Michael Joseph Staines (Mícheál de Staíneas) (1 Bealtaine 1885 – 26 Deireadh Fómhair 1955).
Rugadh Staines i mBaile Uí Fhiacháin, Contae Mhaigh Eo. Rugadh a mháthair Margaret ann freisin. Bhí a athair Edward ina Oifigeach RIC (Constáblacht Ríoga na hÉireann) ann.<
Bhí Staines ina bhall den Bhráithreachas (IRB), ceaptha mar Cheathrúnach in Ardoifig an Phoist i rith Éirí Amach 1916.
Imtheorannaíodh Staines i bhFrongoch. Toghadh é mar Cheannfort na bpríosúnach, (nuair a bhí an J.J. O'Connell curtha chuig Príosún Reading ar an an 30 Meitheamh).Rinne W.J. Brennan-Whitmore cur síos ar Staines mar "oifigeach an-éifeachtach a thuill meas ó gach aon phríosúnach a bhí ann.”
Ar ais in ÉIrinn sa bhliain 1917, d'oibrigh sé i gcuideachta lucht Shinn Féin: Éamon de Valera, James Ryan, Eamonn Duggan srl. D'éirigh sé ina bhanisteoir sa pháirtí. Sa bhliain 2018, toghadh é mar Teachta Westminster sa toghcheantar "Naomh Michan" i mBaile Átha Cliath.
D'fhreastai sé ar Dháil Éireann agus ar Bhardas Bhaile Átha Cliath. Atoghadh é sa bhliain 1921 agus arís i 1922 do dháilcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar-Thuaidh.
Ceapadh é mar an chéad choimisinéir ar an Gharda Síochána in Aibreán 1922. Ach tharla ceannairc i gCill Dara an mhí dár gcionn agus cuireadh Eoin Ó Dubhthaigh in áit Staines mar choimisinéir i mí Mheán Fómhair 1922.
Níor toghadh Staines chuig An Chéad Seanad sa bhliain 1925.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Michael Staines, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.