Liam Mac Néill: Scoláire Preispitéireach i gCúige Uladh go luath san 19ú haois

Áirítear Uilliam Mac Néill nó Liam Mac Néill (Béarla: William Neilson) ar dhuine de na scoláirí Preispitéireacha ba cháiliúla i gCúige Uladh lena linn.

Deirtear gur 15,000 a shiúil ina shochraid. Saolaíodh i Ráth Deamáin, An Chill Mhór i gContae an Dúin é ar an 12ú lá de Mhí Mheán Fómhair sa bhliain 1774. Fuair sé bás i mBéal Feirste ar an 26 Aibreán 1821.

Infotaula de personaLiam Mac Néill
Beathaisnéis
Breith12 Meán Fómhair 1774
Bás26 Aibreán 1821
46 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Liam Mac Néill: Luathshaol, Ministir, Foinsí
Thóg an Eaglais Phreispitéireach seo i Ráth Deamáin sa bhliain 1787

Luathshaol

Liam Mac Néill: Luathshaol, Ministir, Foinsí 

B'iad a thuismitheoirí an tOirmhinneach Moses Neilson agus Catherine Welsh. Preispitéirigh a bhí iontu, agus Moses ag freastal ar an bpobal Preispitéireach Gaeilge a bhí san áit ag an am. Maidir leis an mháthair, ba de shliocht John Knox féin í. Bhí an Ghaeilge á labhairt ag uasal agus íseal, ag Gael agus Gall i gceantair Ráth Déamain san am, agus mura raibh sí le cluinstin sa bhaile ag Liam óg, is dócha gur fhoghlaim sé í ó bhunadh na háite.

Liam Mac Néill: Luathshaol, Ministir, Foinsí 
bóthar i dtreo Ráth Deamáin ar dheis
Liam Mac Néill: Luathshaol, Ministir, Foinsí 
Ollscoil Ghlaschú

Cibé scéal é, d'iompaigh an Niallach amach ina fhoghlaimeoir maith teangacha, agus é ag tógáil na Laidine go sciobtha. Bhí a athair ag múineadh na dteangacha Clasaiceacha do dhaltaí na háite, ach dealraíonn sé go bhfuair Liam a chuid Laidine ó oide eile, fear arbh ainm dó Pádraig Ó Loingsigh.


Chuaigh Liam Mac Néill ag déanamh staidéir ar dhiagacht agus ar theangacha in Ollscoil Ghlaschú. Ní raibh ach 15 bliain d'aois aige is cosúil. Chaith sé dhá bliain in Ollscoil Ghlaschú agus ní dheachaigh chomh fada le céim ollscoile a bhaint amach. Nuair a tháinig an Niallach ar ais abhaile, chaith sé seal ag cabhrú lena athair ag múinteoireacht,.San am céanna, lean sé leis ag déanamh obair scolártha, agus d'fhoilsigh sé leabhar gramadaí Béarla do scoileanna Chúige Uladh a raibh an-ráchairt air. Bhí sé ag dréachtáil leabhar cleachtaidh d'fhoghlaimeoirí Sean-Ghréigise freisin.

Ministir

Ar an chéad lá is fiche de Mhí na Nollag, 1796, agus 22 bliain d'aois, fuair an Niallach oirniú an Mhinistir, le go bhféadfadh sé freastal ar phobal Preispitéireach Dhún Dealgan. B'í an Ghaeilge teanga na bPreispitéireach áitiúil, agus ministir le Gaeilge de dhíth le haghaidh an phobail seo.

Liam Mac Néill: Luathshaol, Ministir, Foinsí 
Eaglais Phreispitéireach, Dún Dealgan, tógtha sa bhliain 1839

Thug muintir Dhún Dealgan taithneamh don mhinistir óg, agus rinne sé féin a dhícheall le hoideachas a sholáthar dóibh. Chuir sé tús le scoil d'aos óg Dhún Dealgan, agus é féin ag múinteoireacht ansin. D'fháiltigh sé chuige daltaí ó gach creideamh, agus bhí tábhacht nár bheag lena scoil i stair oideachais na háite.

Sa bhliain 1804, d'fhoilsigh Liam Mac Néill an leabhar Greek Exercises.

Ceithre bliana ina dhiaidh sin, tháinig an leabhar cáiliúil úd Introduction to the Irish Language i gcló. Sé an leabhar seo a fhágann go bhfuil cuimhne ar an Niallach inniu., Cé gur fhéach an t-údar leis an gcanúint a sheachaint, d'fhág Gaeilge labhartha Chontae an Dúin an-sliocht ar an teanga a scríobh sé, agus mar sin, is é a ghráiméar Gaeilge an fhoinse eolais is flúirsí dá bhfuil againn inniu ar chaint na ndaoine i gContae an Dúin i dtús na naoú haoise déag.

Sa bhliain 1810, arís, d'fhoilsigh sé téacsleabhar, nó "priméar", Gaeilge.

Liam Mac Néill: Luathshaol, Ministir, Foinsí 
Acadamh Ríoga na hÉireann

Bhí an-urraim ag a chuid comhscoláirí dó mar shaineolaí ar an litríocht Chlasaiceach. Thabhaigh a obair mar scoláire Sean-Ghréigise an oiread clú dó is go ndearnadh ball d'Acadamh Ríoga na hÉireann de, agus bhronn a eaglais céim an Mhodhnóra air.

Sa bhliain 1818, d'éirigh an Niallach as oifig an Mhinistir i nDún Dealgan, toisc gur ceapadh é mar Ollamh leis an Litríocht Chlasaiceach in Institiúid Acadúil Bhéal Feirste. Ní raibh sé daite dó, áfach, mórán dul chun cinn a dhéanamh san obair seo, nó cailleadh é i gceann trí bliana.

D’éag Liam Mac Néill um meán oíche 26-7 Aibreán 1821. Deirtear gur 15,000 a shiúil ina shochraid. Tá sé curtha i Ráth Deamain.

Liam Mac Néill: Luathshaol, Ministir, Foinsí 
Institiúid Acadúil Bhéal Feirste (Royal Academical Institute) sa 20ú haois

Foinsí

  • Presbyterians and the Irish language Roger Blaney (1996) Ulster Historical Foundation & Ultach Trust ISBN 0-901905-72-0
  • An Ministir Gaelach: Uilliam Mac Néill (1774-1821) Ó Saothraí, S. (1992) Coiscéim, Baile Átha Cliath.
  • Ainm.ie

Tagairtí

Tags:

Liam Mac Néill LuathshaolLiam Mac Néill MinistirLiam Mac Néill FoinsíLiam Mac Néill TagairtíLiam Mac Néill1774182126 AibreánAn Chill Mhór (Contae an Dúin)Béal FeirsteBéarlaContae an DúinDuinePreispitéireachas

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

An ChasacstáinMontréalÉibhear FionnAmerican Idol (sraith 11)Na TrioblóidíDubáilTim RobbinsShang-haiIarmhairt cheaptha teasaAn Ghealach1078Gréasán DomhandaÉillitheachtFearthainnAn Ion-MhongóilCeanadaUirlis cheoilUachtarán na Stát AontaitheFomhóraighPádraig Mac Suibhne1930American Idol (sraith 17)American Idol (sraith 2)MediaWikiNa FíréinPáras2004An tAontas EorpachRuithéal ríInnealtóireacht leictreachPápaIontaiseKatowiceAtmaisféarLeabharchoimeádCaitríona II na RúiseFionntán de BrúnAn IndiaNToyotaBaile na MainistreachBéarlaAgraSéarlas IIIBéal na BláThe Voice (séasúr 22 na SA)1972Saoirse RonanSamhradhBláthnaid ghalldaIascCoirceTennessee WilliamsUisce30 AibreánUbhC++CalafoirniamLondainMícheál Ó CoileáinCreasa Van AllenLamborghiniSinn FéinVBuirg Londan Tower HamletsSeadógPàrtaidh Nàiseanta na h-AlbaPápa Greagóir VIIColin PowellPápa Gréagóir XVIDAmerican Idol (sraith 3)Kharkiv🡆 More