Is rapálaí Meiriceánach é Kendrick Lamar (a rugadh ar an 17ú Meitheamh, 1987) ó Compton i gCalifornia.
Thug Lamar faoi a ghairm cheoil agus é sna déaga faoin leasainm K-Dot, nuair a scaoil sé téip measctha a bhailigh aird áitiúil agus shínigh sé leis an lipéad ceol indie Top Dawg Entertainment, bunaithe i gCarson. Thosaigh Lamar ag gnóthú mór-aitheantas i 2010, tar éis gur scaoil sé a chéad téip measctha miondíola, Overly Dedicated. I 2011 scaoil sé an albam neamhspleách Section.80, ar a bhí a chéad singil, "HiiiPoWeR". Faoin am seo, bhí sé tar éis comhoibriú le roinnt ceoltóirí iomráiteach sa tionscal hip-hap, ar nós The Game, Snoop Dogg, Busta Rhymes agus Lil Wayne.
Rinne Lamar socrú le na mór-lipéid ceol Aftermath agus Interscope Records i 2012. Scaoladh a chéad albam ar mór-lipéad, good kid, m.A.A.d city, i mí Dheireadh Fómhar 2012 agus fuair sé moladh mór ó na léirmheastóirí.
Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Kendrick Lamar, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.