Cógaseolaí a rugadh i dTardebigg Shasana ab ea Sir John Robert Vane (29 Márta 1927 – 19 Samhain 2004).
Rinne sé taighde suntasach ar ghabhdóirí aidréinéirgeacha sa néarchóras agus ról na scamhóg i ngabháil drugaí is an mheitibileacht.
Rinne sé staidéar ar cheimic na bprostaglaindiní. Bhuaigh sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis sa bhliain 1982 le Bengt Samuelsson is Sune Bergström as a bhfionnachtana ar phrostaglaindin agus comhábhair ghaolmhara.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article John Vane, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.