Ar 5 Deireadh Fómhair 2023, phléasc diúracán ollmhór a bhí scaoilte ag fórsaí Rúiseacha le Horza, sráidbhaile in oirthear na hÚcráine.
Bhí an eachtra seo ar cheann de na hionsaithe is mó inar maraíodh sibhialtaigh ó thús an chogaidh, Ionradh na Rúise ar an Úcráin.
| ||||
Cineál | buille diúracáin dúnmharú líonmhar coir chogaidh ionsaí sceimhlitheoireachta | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Eastern Ukraine campaign (en) | |||
Dáta na bliana | 5 Deireadh Fómhair 2023 | |||
Tréimhse ama | timeline of the Russian invasion of Ukraine (October 2023) (en) | |||
Suíomh | Hroza, An Úcráin (en) | |||
Tír | an Úcráin | |||
Líon básanna | 59 | |||
Líon gortaithe | 7 | |||
Déantóir na coire | Fórsaí Armtha na Rúise | |||
Meán cumarsáide | ||||
Is in Oblast Kharkiv atá an sráidbhaile Horza, gar don teorainn leis an Rúis agus 30 ciliméadar ó bhrollach an chatha ag an am. Bhí thart ar 300 duine ina gcónaí i Horza ag an am.
Diúracán den déanamh Iskander a scaoil na Rúisigh leis an áit. Sin diúracán balaistíoch tréanphléascach atá 7.3 méadar ar a fhad.
Bhí 52 duine in iomlán caillte de bharr an ionsaithe. Bhí daoine tagtha le chéile le haghaidh tórraimh a bhí ar siúl i gcaife i sráidbhaile Hroza nuair a phléasc an diúracán gan aon fhógra sa tsráidbhaile.
Bhí sé séanta ag an Rúis gur dhírigh siad an t-ionsaí ar shibhialtaigh den ghnó. Comhtharlú amach is amach a bhí ann, a mhaígh an Rúis, gur sochraid saighdiúir Úcránach a bhí ann, agus go raibh cúpla saighdiúir eile ann ag an am, nó a lucht tacaíochta. Cheap daoine eile go bhfuair na Rúisigh leid faoi, agus brathadóir a bhí ann
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Ionsaí diúracán ar Horza, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.