Ar 30 Márta 1981, rinneadh iarracht feallmharaithe ar Uachtarán na Stát Aontaithe, Ronald Reagan i Washington DC Chaith fear óg darbh ainm Joseph Hinckley, an t Uachtarán i neasraon.
Tháinig Reagan chuige féin ar fad cúpla seachtain níos déanaí.
| ||||
Cineál | assassination attempt (en) dúnmharú | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 30 Márta 1981 | |||
Suíomh | Washington Hilton, SAM (en) , Washington, D.C. | |||
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
Rannpháirtí | ||||
Sprioc | Ronald W. Reagan | |||
Líon básanna | 1 James Brady (4 Lúnasa 2014) | |||
Líon gortaithe | 3 Tim McCarthy, Thomas Delahanty, Ronald W. Reagan | |||
Déantóir na coire | John Hinckley | |||
Arm | Röhm RG-14 (en) | |||
Meán cumarsáide | ||||
Chuaigh an piléar isteach faoi ascaill an Uachtaráin, i bhfoisceacht orlach dá chroí. Ní raibh a fhios ag an Uachtarán Reagan go raibh sé féin chomh gar don bhás agus a bhí. Tugadh é chuig Ospidéal Cuimhneacháin George Washington i Washington D.C. “I hope you are all Republicans,” a dúirt an tUachtarán leis an máinlia. Mar a tharla sé, ba Dhaonlathach a bhí san bPríomh-Mháinlia, Joseph Giordano; “Mr President, we are all Republicans now,” a d’fhreagair seisean.
B’éigean do Giordano agus a fhoireann a dhul i mbun oibre agus iarracht a thabhairt faoi chóir leighis de léim. Cuireadh Ronald Reagan chun suain le haghaidh obráid throm. Ón bpointe sin ar aghaidh ba é George W. Bush, an Leas-Uachtarán san am sin, a bhí i bhfeighil na hUachtaránachta. Thug lucht leighis suntas don téagar a bhí ina ghuaillí agus an cruas a bhí ina cholainn nuair a bhaineadar de a chuid éadaigh – “chomh maith le fear a bheadh 30,” a dúirt dochtúir amháin. Bhí Reagan 71 san am.
Mar a tharla sé, tháinig Ronald Reagan tríd.
Neamhord siabhráin (síocóis pharanóideach) a bhí ar an ionsaitheoir, Joseph Hinckley. Bhí sé i ngrá leis an aisteoir, Jodie Foster. Ligeadh Hinckley saor ar 10 Meán Fómhair 2016.
Is síol faoi Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Iarracht Ronald Reagan a fheallmharú, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.