Is teanga Shíneach í Haiciainis na Téaváine (臺灣 Hô-ló 話, POJ: Tâi-oân Hô-ló-oē) nó Téaváinis (臺灣話, Tâi-oân-oē; 臺語, Tâi-gú(gí)).
Is canúint de chuid na Sínise í, le meascán carachtar Sínise traidisiúnta agus Pe̍h-oē-jī, Min Nan na Téaváine (臺灣閩南語, Tâi-oân Bân-lâm-gú(gí)). Is í an dara teanga is mó sa Téaváin. Is cosúil le Haiciainis i Deisceart Fujian (閩南, Min Nan) í. Is craobh iomlán teangacha í an Haiciainis i gcrann ginealais na dteangacha Sínea-Thibéadacha.
Cineál | teanga |
---|---|
Úsáid | |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Sín-Astrainéiseacha teangacha Sín-Tibéadacha An tSínis Min Chinese (en) Coastal Min (en) Southern Min (en) an Haiciainis | |
Tréithe | |
Staidéar ag | Taiwan studies (en) |
Cóid | |
ISO 639-6 | qtik |
Glottolog | taib1242 |
Linguasphere | 79-AAA-jh |
Tháinig a córas fuaimnithe ó Haiciainis Quanzhou agus Haiciainis Zhangzhou. Braitheann líon na gconsan agus na ngutaí ar an gcanúint. Taispeánann na hábhair thíos an chanúint i gKaohsiung.
Consan déliopach | Consan ailbheolach | Consan coguasach | Consan glotasach | |||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Neamhghlórach | Ghlórach | Neamhghlórach | Ghlórach | Neamhghlórach | Ghlórach | Neamhghlórach | ||
Consan srónach | [m] | [n] | [ŋ] | |||||
Stop | Consan neamhanálaithe | [p] | [b] | [t] | [k] | [ɡ] | ||
Consan análaithe | [pʰ] | [tʰ] | [kʰ] | |||||
Aifricéad | Consan neamhanálaithe | [ts ~ tɕ] | [dz ~ dʑ] | |||||
Consan análaithe | [tsʰ ~ tɕʰ] | |||||||
Consan cuimilteach | [s ~ ɕ] | [h] | ||||||
Consan taobhach | [l] |
Tá 7 gcóda inti: [m], [n], [ŋ], [p̚], [t̚], [k̚], [ʔ̚].
I gCanúint Kaohsiung, tá 7 mbuntuin, agus an dá cheann eile: an naoú tuin agus tuin neodrach.
Úsáideann na Téavánaigh leagan den Mhandairínis mar theanga chaighdeánach, cosúil le muintir na mórthíre, ach ní bhíonn an Mhandairínis ó dhúchas acu. Is í an tSínis an teanga is mó a labhraítear sa Téaváin inniu, ach ar ndóigh, ní aon teanga amháin í. An chuid is mó acu, labhraíonn siad an teanga ar a dtugtar "Téaváinis" (a dtugtar Haiciainis na Téaváine uirthi chomh maith) go minic. Leagan den chanúint Min Nan atá ann go bunúsach - canúint a labhraítear i ndeisceart Chúige Fujian sa mhórthír freisin.
Is minic a dhearctar ar chainteoirí na canúna seo mar ghrúpa eitneach ar leith, dream ar a dtugtar Hoklo. Thairis sin, tá an chanúint Hakka ag mionlach mór de na Téavánaigh, canúint a bhíonn á labhairt i bpobail bheaga scartha ar fud dheisceart na Síne.
Labhartar teangacha Síneacha sa Téaváin, chomh maith le teangacha na mbundúchasach. Ar an drochuair, tá teangacha na mbundúchasach i dtrioblóid (agus tá an teanga Shíneach Hakka á himeallú le blianta fada anuas chomh maith).
Is trí mheán na Mandairínise a fheidhmíonn córas oideachais na Téaváine, go príomha. Ní bhíonn ach cúpla uair an chloig de ranganna sna máthairtheangacha (Hakka nó Téaváinis) acu .
Tá Mandairínis na Téaváine an teanga is mó sa Téaváin agus an teanga oifigiúil sa Téaváin ó 1949. Chuir an deachtóir Chiang Kai-shek cosc iomlán ar mháthairtheangacha. Ach cuireadh deireadh leis an gcosc seo sa bhliain 1987.
Bunaíodh Cainéal Téaváinise den Seirbhís Teilifíse Phoiblí (公視台語台, Kong-sī Tâi-gí-tâi) in Iúil, 2019.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Haiciainis na Téaváine, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.