Is focal de chuid Ghaeilge na hAlban é Gàidhealtachd (kɛːəlˠ̪t̪əxk éist), focal a bhfuil brí níos leithne leis ná brí an fhocail Gaeltacht.
Is féidir an focal seo a úsáid do na Garbhchríocha agus Oileáin na hAlban, .i. áiteanna faoi thionchar an chultúir Ghaelaigh, nó mar téarma teangeolaíochta, .i. an réigiún ina labhraítear Gaeilge na hAlban. Tugtar Galldachd ar an gcuid eile den tír, .i. Galltacht Alban.
Lena chois sin tugtar A'Ghàidhealtachd nó Comhairle na Gàidhealtachd ar an gcomhairle áitiúil a bhfuil "Highland" air sa Bhéarla, cé nach gcuimsíonn an chomhairle sin Na hOileáin Siar ná Earraghael, áiteanna ina labhraítear an teanga.
Go dtí cúpla céad bliain ó shin, bheadh an chuid is mó d'Albain taobh ó thuaidh den Linn Foirthe agus Gall-Ghàidhealaibh sa Ghàidhealtachd, ach amháin Na hOileáin Thuaidh. Tá logainmneacha de bhunadh Gaelach le fáil ar fud na tíre, mar shampla Dùn Dèagh, Inbhir Nis, Earra-Ghàidheal, Gall-Ghàidhealaibh agus Sruighlea. Tháinig Gaeilgeoirí tábhachtacha ó áiteanna atá ina gceantair Bhéarla inniu, mar shampla George Buchanan ó chontae Sruighlea, Roibeard Brús ó Ghall-Ghàidhealaibh agus Margaret McMurray ó chontae Inbhear Áir.
Sa bhliain 2011, bhí Gaeilge na hAlban ag 1,275 duine i nGaidhealtachd Cheanada. Bhí an teanga ag timpeall is 300 duine mar phríomhtheanga.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Gàidhealtachd na h-Alba, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.