Nuachtán Gaeilge ba ea Foinse.
Bhí sí ar fáil i gcló agus i bhfoirm dhigiteach, ach i Mí Meán Fómhair 2013 d'fhógair an foilsitheoir Móinéar Teo. nach mbeadh fáil ar an leagan clóbhuailte i ndiaidh na míosa sin. Dúradh, áfach, go leanfadh Foinse uirthi ag soláthar ábhair ar líne.
Cineál | nuachtán |
---|---|
Cárta innéacs | |
Teanga | an Ghaeilge |
Am tosaigh | 1996 |
Seoladh phoist | An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe |
Áit a fhoilsithe | An Cheathrú Rua |
Suíomh | foinse.ie |
Bhíodh an nuachtán á fhoilsiú ar an gCeathrú Rua i gConamara agus chlóbhuailtí i dTrá Lí, Co. Ciarraí, é. Foilsíodh Foinse den chéad uair sa bhliain 1996 agus dhún an t-úinéir Pádraig Ó Céitigh í sa bhliain 2009 de dheasca laghdú ar theacht isteach. D'fhógair sé nach raibh sé féin agus Foras na Gaeilge ar aon intinn faoi choinníollacha conartha nua.
Tosaíodh á foilsiú arís sa bhliain 2009 agus gan baint ag Foras na Gaeilge le cúrsaí dáileacháin. Bhí sí á scaipeadh saor in aisce leis an Irish Independent.
Is é an t-ábhar atá le fáil in Foinse scéalta Gaeilge agus Gaeltachta, cúrsaí reatha, spóirt, taistil, gnó agus oideachais agus cultúir.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Foinse, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.