Réalteolaí, fisicí is taiscéalaí a rugadh i mBaile Átha Cliath ab ea Edward Sabine (14 Deireadh Fómhair 1788 – 26 Meitheamh 1883).
I 1818 ghlac sé páirt mar réalteolaí is loingseoir in aistear John Ross don Aigéan Artach. Chuaigh sé le William Edward Parry ar a aistear i 1819 chun an Pasáiste Siar ó Thuaidh a aimsiú, ach theip orthu, bíodh is gur éirigh leo dul níos faide siar ná éinne eile. Rinne sé taighde ar réimse maighnéadach an Domhain, agus mhol gur cheart réadlanna maighnéadacha a bhunú ar fud an Domhain chun tuiscint ar an réimse is a athruithe a fheabhsú. Rinne sé staidéar ar fhad an luascadáin shimplí a mbeadh an tréimhse cothrom le 2 s, tomhas ar luasghéarú de bharr domhantarraingthe (agus neart na domhantarraingthe ag pointe ar bith ar Domhan is neamhsféarúlacht an Domhain ansin). Rinne sé breathnuithe ar theocht na n-aigéan, athrú brú an atmaisféir le hairde os cionn dromchla an Domhain, iompar carraigeacha ag oighearshruthanna, bolcáin, airíonna meitéareolaíochta, is a lán eile.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Edward Sabine, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.