Is ríomheolaí, matamaiticeoir agus ollamh emeritus in Ollscoil Stanford é an Meiriceánach Donald Ervin Knuth a rugadh ar 10 Eanáir 1938.
Bronnadh an ACM Turing Award air i 1974, duais a mheastar mar dhuais Nobel na ríomheolaíochta. Tá aithne air mar athair na hanailíse algartam.
Is údar an leabhair chailiúil il-imleabhar The Art of Computer Programming é. D'oibrigh sé ar mhaithe le forbairt diananailís ríomhchastacht na n-algartam agus leag sé amach córas le teicnící foirmiúla matamaitice dó. I mbun na hoibre sin, scaip se an nodaireacht asamtóiteach freisin. Chomh maith le bunábhair a chur ar fáil i mbrainsí ar leith sa ríomheolaíocht theoiriciúíl, is é cruthaitheoir an ríomhchórais clóchuradóireachta TeX é, an teanga sainmhínithe um chlónna agus córas rindreála METAFONT agus an tacar cló-aghaidheanna gaolmhara Computer Modern.
Mar scríbhneoir agus scoláire, chruthaigh Knuth na córais ríomhchlárúcháin WEB agus CWEB a dhear sé chun ríomhchlárúchán léannta a ghríosú agus a éascú, agus dhear sé na hailtireachtaí tacar treoracha MIX/MIXX. Tá Knuth go láidir i gcoinne paitinn a chur ar bhogearraí, tar éis a thuairim féin a thabhairt don Oifig um Phaitinní agus Trádmharcanna sna Stáit Aontaithe agus don Eagraíocht Eorpach um Phaitinní.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Donald Knuth, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.