Bhí Arthur Wellesley, an chéad diúc Wellington (1 Bealtaine 1769 - 14 Meán Fómhair 1852) ar dhuine de na saighdiúirí agus státairí ba thábhachtaí sa mBreatain i rith na naoú haoise déag.
Chaith sé tamall ina aide-de-camp do dhá Lord Lieutenant in Éirinn.
Throid Wellesley san Ísiltír agus san India, i gCath Seringapatam sa gCeathrú Cogadh Anglo-Mysore. Déanadh gobharnóir ar Seringapatam agus ar Mysore de ina dhiaidh sin.
Tharraing Wellesley cáil air féin mar ghinearál i leithinis na Spáinne agus na Poirtingéile i rith chogaidh Napoleon.
Tugadh grád marascal machaire (field marshall) dhó tar éis buanna in aghaidh na Fraince ag Cath Vitoria in 1813.
Tar éis dhíbirt Napoleon in 1814, chaith sé tréimhse ina ambasadóir chun na Fraince. Déanadh Diúc de. Bhí sé i gceannas ar an arm a bhuail Napoleon ag Cath Waterloo sa bhliain 1815, ceann de na comhraic is iomráití, agus is tábhachtaí, i stair na hEorpa. B'fhearr aithne ar an Mharascal Machaire Arthur Wellesley mar The Duke of Wellington in dhiaidh sin.
Nuair a bhí sé fós óg, toghadh é ina fheisire i bParlaimint na hÉireann.
Chaith Wellesley dhá thréimhse ina phríomh-aire leis na Tóraithe, ar dtús idir 1828-30 agus arís in 1834.
Ba ea Wellesley a bhí ina phríomh-aire njuair a ritheadh an tAcht Faoisimh do Chaitlicigh (Fuascailt na gCaitliceach) sa bhliain 1829.
Bhí Wellesley ina phríomh-cheannasaí ar arm na Breataine go dtí gur cailleadh é in 1852.
In Éirinn a rugadh é, ag 24 Sráid Mhuirfean Uachtarach i mBaile Átha Cliath, i dTeach Morrington ag an am agus an t-óstán Merrion inniu. De phór uasal ba ea é, de shliocht lucht na cinsealachta Protastúnaí.
B'Éireannach é Wellington féin ach ní raibh sé iomlán ar a shuaimhneas lena fhéiniúlacht. “Because a man is born in a stable, that does not make him a horse”, ráiteas a leagtar air.
Mar oifigeach, bhí sé in Éirinn go minic chun saighdiúirí a earcú. Measadh gur Éireannaigh iad 30% dá shaighdiúirí Wellington in Waterloo. Agus mar gur tharla na himeachtaí seo i bhfad roimh an athrú mór teanga a bhain leis an nGorta Mór, is cinnte go raibh Gaeilge le clos. Fear ilteangach ba ea Wellesley, agus scileanna maithe cumarsáide aige. Mar sin, is cosúil go raibh an cúpla focal aige, ar a laghad.
Dóighiúil, láidir agus rachmasach, bhí na mná sa tóir ar Wellesley, agus ar an Duke níos déanaí. Agus fear mór ban a bhí i Wellesley chomh maith.
Phós Wellesley Kitty Pakenham san Eaglais Naomh George, i mBÁC ar 10 Aibreán 1806. Bhí beirt chlainne orthu ach d'éirigh sé scartha óna bhean agus leannáin luí go leor aige ar feadh a shaoil.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Arthur Wellesley, 1ú Diúc Wellington, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.