Ba eolaí ríomhaireachta é Dennis MacAlistair Ritchie (9 Meán Fómhair, 1941 - 9 Deireadh Fómhair, 2011) a bhfuil aithne air mar gheall ar a thionchar ar ALTRAN, an teanga ríomhchlárúcháin B, BCPL, C, Multics, agus UNIX.
Fuair sé an Duais Turing sa bhliain 1983 agus an Bonn Náisiúnta um Theicneolaíocht sa bhliain 1998. Ba é Ritchie an ceannaire reatha ar Roinn Taighde um Bhogearraí Córais Lucent Technologies go dtí 2007 nuair a scoir sé ón obair.
Rugadh i mBronxville, New York é. Fuair Ritchie céim ó Harvard i bhfisic agus matamaitic fheidhmeach. Sa bhliain 1967, thosaigh sé ag obair i Lárionad Taighde Eolaíocht Ríomhaireachta Bell Labs.
Is fearr aithne ar Ritchie mar chruthaitheoir na teanga ríomhchlárúcháin C agus príomh-fhorbróir an chóras oibriúcháin Unix, agus mar chomh-údar an leabhair deifnídigh ar C, The C Programming Language, ar a dtugtar de ghnáth K&R (tagairt do na húdair Kernighan agus Ritchie).
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Dennis Ritchie, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.