Ocsaídiú millteach, de ghnáth ag aer agus uisce i láthair.
An-sonrach maidir le miotail, iarann go príomha. Próiseas leictricheimiceach is ea é a tharlaíonn go han-tapa nuair a bhíonn dhá mhiotal dhifriúla i dtadhall le chéile agus le haer is uisce. Ocsaídítear an miotal imoibríoch, agus soláthraíonn an miotal eile dromchla mar a ndí-ocsaídítear ocsaigin, O2. Cuirtear bac ar chreimeadh trí dhromchla an mhiotail imoibríoch a aonrú ón aer is ón uisce. Tá miotail ar leith ann — sinc, alúmanam is cróimiam, mar shampla — a chruthaíonn cumhdach ocsaíde go nádúrtha a chomhlíonann an gnó seo.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Creimeadh, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.