Críochdheighilt Na Hindia

Tharla Críochdheighilt na hIndia ar an 14/15 Lúnasa 1947, nuair a deighleadh fo-chríoch na hIndia ina dhá thír nua, 'Tiarnas Phacastáin' agus 'Tiarnas India'.

Bhí an tír faoi riar na Breataine go dtí sin, ach tháinig deireadh leis an Réimeas Briotanach go gasta sa bhliain 1947, agus an tír ag titim as a chéile. Tugadh Stádas Tiarnais do na tíortha nua.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCríochdheighilt na hIndia
Íomhá
Cineálcogadh cathartha
críochdheighilt Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana15 Lúnasa 1947 Cuir in eagar ar Wikidata
TírRéimeas Briotanach, an India agus an Phacastáin Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid
Críochdheighilt Na Hindia
An imirce éigeantais is mó riamh i stair an domhain

Níor éirigh go maith leis an chríochdheighilt; tharla sléacht as éadan. Maraíodh b'fhéidir 1-2 milliún faoi chrann smola an fhoréigin eitnigh, agus 'glanadh eitneach' ar an dá thaobh.

Críochdheighilt Na Hindia

Tharla trasimirce ollmhór, imirce éigeantais; bhí 15 milliún easáitithe as a gcuid tithe, b'fhéidir, an imirce is mó riamh i stair an domhain.

Imeachtaí

De réir a chéile, le linn na 1920idí - 1940idí, mheall coincheap na Pacastáine — stát ar leith le haghaidh na Moslamach san Áise Theas — an Conradh Moslamach, páirtí pobalach a bhí ann. Chuaigh an t-intleachtóir, Sir Muhammad Iqbal agus a chuid smaointí i bhfeidhm go mór air.

Sna 1940idí, bhí Muhammad Ali Jinnah ina cheannaire ar Chonradh na Moslamach. Ghríosaigh óráidí Jinnah an teannas ciníoch, de réir a chéile. Is cosúil go raibh tromlach millteanach na Moslamach i bhfabhar na Críochdheighilte i 1947, ach ní raibh sé mar sin tamall de bhlianta roimh 1947.

Críochdheighilt Na Hindia 
Bolscaireacht sa bhliain 1945, le B. R. Ambedkar

Thug Gandhi le tuiscint go raibh sé glan i gcoinne aon phlean a dheighlfeadh an India ina dhá thír ar leith. Ach tá staraithe den tuairim inniu go raibh sé mí-ionraic.

Bhí an chuma air gur léirigh torthaí na dtoghchán don Tionól Bunreachta sa bhliain 1946 go raibh an ceart ag Jinnah ina sheasamh, ós rud é gur bhuaigh Conradh na Moslamach gach suíochán a coinníodh do thoghthóirí Moslamacha. Ghéaraigh Jinnah ar an éileamh a bhí á dhéanamh aige, ionas gur éiligh sé stát lán-neamhspleách lán-cheannasach, scoite ón India.

Nuair a shocraigh rialtas na Breataine go dtarraingeodh sé siar go tapa ón India i 1947, bhí Jinnah agus an Conradh in ann a gcuid éileamh a dhaingniú, i mí Lúnasa na bliana sin. Bhí Moslamaigh ina gcónaí san India le fada an lá, in éineacht le Hiondúigh agus le Suícigh. Ach bhí an fanaiceacht chreidimh ann i gcónaí ag an am céanna. Bhí an teannas ag cur thar maoil i 1947. Tharla sléacht as éadan; maraíodh b'fhéidir milliún faoi chrann smola an fhoréigin eitnigh.

Iarmhairtí

Tá an nimh san fheoil ag an India agus an Phacastáin dá chéile ó 1947. Tharla armrás ar feadh na mblianta agus iomadú na ndiúracán balaistíoch.

Tháinig críochdheighilt na hIndia salach ar an aisling a bhí ag Mahatma Gandhi don tír.

Ceiliúrtar Lá na "Saoirse" sa Phacastáin inniu ar an 14 Lúnasa gach bliain.

Féach freisin

Tagairtí

Tags:

Críochdheighilt Na Hindia ImeachtaíCríochdheighilt Na Hindia IarmhairtíCríochdheighilt Na Hindia Féach freisinCríochdheighilt Na Hindia TagairtíCríochdheighilt Na Hindia15 Lúnasa1947Réimeas Briotanach

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Liam III ShasanaAn MheánaoisTuaisceart ÉireannYouTubeChris Evert1939Santa Cruz de TenerifeTuatha dé DanannAn tAontas SóivéadachDennis CockrumJohn F. KennedyOrlando BloomIdi AminFanaileAn ChambóidAn IúgslaivDún na nGallPlandaRíomheolaíochtDéardaoin MandálaStairTíreolaíochtCarles PuigdemontRéamhstairDroichead Francis Scott Key (Baltimore)Naoi (fáidh)1896Malus sylvestrisCéadaoin an BhraithSimon HarrisAn ChianaoisAcer palmatumJiohádAn tAigéan CiúinAn tSeicEilís II na Ríochta AontaitheFungasThe BeatlesGayle RubinGaeilgeBratach na hÉireannFarraigeAn AfraicBogearraí saoraGmail187714 MeitheamhJeanne d'Arc1501NetflixTriasachLeabhar na SalmPompeiiFrog1555Ada LovelaceNapoléon BonaparteLilleLionel MessiDomhanSallustiusDiúcacht na BriotáineBaile Átha CliathHajjRihannaBolcánachtUNTAET (Náisiún Aontaithe sa Tíomór Thoir)1695Dave GrohlBirminghamUair ar son an Domhain🡆 More