Ar 2 Márta 2012, shínigh ceannairí gach comhalta de limistéar an euro agus 8 mballstát eile den AE an Conradh um Chobhsaíocht, Comhordú agus Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (TSCG) nó an 'Cobhsaíocht fhioscach' nó an Conradh maidir le Comhshocrú Fioscach.
Reáchtáladh reifreann in Éirinn ar 31 Bealtaine 2012. Tháinig an Conradh i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 2013.
Cineál | conradh |
---|---|
Suíomh | An Bhruiséil, An Bheilg |
Teanga an tsaothair nó an ainm | official languages of the European Union (en) |
Tugtar “an Conradh maidir le Comhshocrú Fioscach” nó “an Conradh um Chobhsaíocht Fhioscach” go minic ar an gConradh.Baineann an Conradh go hiomlán leis na tíortha a dhaingnigh é agus arb é an euro an t-airgead a úsáideann siad. Baineann rialacha éagsúla leis na tíortha neamheuro.
Conradh idir-rialtasach is ea an Conradh agus ní conradh AE é, ach is gá institiúidí an AE a úsáid chun é a chur i bhfeidhm. Ní dhéanann sé conarthaí reatha an AE a leasú. Cé nach bhfuil sé féin mar chuid de na conarthaí a rialaíonn an AE, cuirtear i bhfeidhm é agus baintear ciall as i gcomhréir le conarthaí an AE agus le dlí an AE.
Tá sé de chuspóir ag an Conradh disciplín fhioscach a threisiú i limistéar an euro trí riail chothromaithe bhuiséid agus trí mheicníocht uathoibríoch cheartaithe.
Déileálann an Conradh le 3 phríomhcheist:
Tá rialacha sonracha AE ann cheana féin faoi na ceisteanna seo, go háirithe maidir le cobhsaíocht fhioscach. Luaitear cuid de na rialacha seo athuair sa Chonradh, agus déantar cuid díobh a atreisiú agus tugtar roinnt rialacha nua isteach.
Is é an cuspóir atá ag na páirtithe leis an gConradh ná chun substaint an chonartha a chorprú isteach i gconarthaí an AE a luaithe is féidir. Ach tháinig an pholaitíocht agus na géarchéimeanna salach ar an gcuspóir seo Bhí comhlíonadh lag ann sa bhliain 2012, agus tá an comhlíonadh níos measa ó shin ar an mórgóir (go dtí 2023 ar aon nós) ach in aghaidh an tsrutha, bhí comhlíonadh a hoibleagáidí níos fearr in Éirinn.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Conradh maidir le Comhshocrú Fioscach, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.