Is éard atá i gceist le comhardú na trádála, nó comhardú trádála, ná an difríocht idir luach iomportálacha marsantachta agus easpórtálacha marsantachta
- nó an difríocht idir easpórtáil sofheicthe agus iompórtáil sofheicthe
- nó an difríocht idir an méid earraí a iompórtálann agus a easpórtálann tír
- nó an comhardú a dtagtar air tar éis allmhairí a bhaint d’onnmhairí.
Tá barrachas ann má tá níos mó airgid/ioncaim saothraithe ag tír trí thrádáil le tíortha eile, ná mar atá le n-íoc leo (nó Easpórtáil sofheicthe > Iompórtáil sofheicthe).
Tá easnamh ann má tá níos mó airgid caite ag tír le tíortha eile, ná mar ata saothraithe aici uathu (nó Iompórtáil sofheicthe < Easpórtáil sofheicthe).
Buailfidh géarchéim tír, b'fhéidir, mar thoradh ar éagothromaíocht fhoriomlán ina chomhardú trádála. Agus ceapann daoine go leor go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil comhardú cothrom ann. Ach tá an scéal i bhfad níos casta.
Ba sa bhliain 2016 a taifeadadh an leibhéal ab airde riamh in Éirinn d’onnmhairí agus d’allmhairí araon. D’athraigh comhardú na Trádála Earraí ó easnamh €326 mhilliún sa bhliain 1975 go barrachas €45,521 mhilliún sa bhliain 2016.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Comhardú na trádála, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.