Is éard a bhí i gceist le Comhairle Trento (Laidin: Concilium Tridentinum) ná Comhairle Éacúiméineach na hEaglaise Chaitliceach Rómhánach sa 16ú céad.
Cineál | sionad |
---|---|
Tréimhse | 1545 - 21 Feabhra 1563 |
Rannpháirtí | |
Rinneadh an Chomhairle a ghairm in Trento, ón 3 Nollaig 1545 go dtí an 4 Nollaig, 1563, le fiche cúig sheisiún roinnte i dtrí chuid. An aidhm a bhí leis na cruinnithe ná leasú a dhéanamh ar an Eaglais Chaitliceach. Glactar leis gurbh í ceann de na Comhairlí ba thábhachtaí a bhí ag an Eaglais.
Mór-chomhairle leasaithe ba ea Comhairle Trento, a chur tús leis an Fhrith-Reifirméaisin, agus sainmhíníodh cuid den teagasc na hEaglaise.
Cuireadh cosc iomlán, nach mór, ar fhíoracha nochta san ealaín dhiaga. Mar shampla, cáineadh An Breithiúnas Deireanach le Michelangelo nuair a críochnaíodh é sa bhliain 1541 agus is in olcas a chuaigh an scéal le himeacht aimsire. Maidir leis na fíoracha nochta, tháinig méadú leanúnach ar lucht a gcáinte. Faoi dheireadh, rinneadh ‘leasú’ ar an fhreascó ollmhór de réir an pholasaí nua maidir leis an ealaín a aontaíodh ag Comhairle Trento.
D'eisigh an Chomhairle cáineadh chomh maith ar eiriceacht de chuid na bProtastúnach.
I ndiaidh Comhairle na hEaglaise i Trent, chuir An Róimh an-mhuinín sna hÍosánaigh agus sna Caipisínigh leis an fhrith-refirméisean a chur i bhfeidhm.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Comhairle Trento, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.