Bean tí agus scéalaí Éireannach ab ea Charlotte Matilda Blake Stoker (née Thornley, 1818–1901).
Spreag sí a mhac, Bram Stoker agus údar Dracula, chun dul i mbun pinn.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1818 Béal Átha Seanaidh |
Bás | 15 Márta 1901 82/83 bliana d'aois |
Áit adhlactha | Reilig Chnocán Iaróm St. Michan's Church (en) |
Teaghlach | |
Páiste | Thornley Stoker, An Chéad Bhairnéad, Bram Stoker |
Rugadh Stoker sa bhliain 1818 i mBéal Átha Seanaidh, Contae Dhún na nGall. Bhí athair Stoker Thomas Thornley ina chaptaen sa 43ú Coisithe Éadrom in Arm na Breataine. Chuaigh Thornley isteach i gConstáblacht Ríoga na hÉireann ina dhiaidh sin. Tháinig muintir Thornley ó Shasana ach bhog siad go Béal Átha Seanaidh sna 1780idí. Ba í máthair Stoker Matilda Blake.
Bhí beirt deartháireacha níos óige ag Stoker agus bhog an teaghlach go Sligeach nuair a bhí sí fós óg. Sa bhliain 1832, thit eipidéim chalair amach i Sligeach, in aois 14 bliain do Stoker ag an am.
Phós Stoker in 1844. Bhuail sí lena fear céile Abraham i gCúil Raithin, Contae Dhoire, agus é ar saoire óna phost i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Bhí sé timpeall 20 bliain níos sine ná í. Tháinig a shinsir go hÉirinn le Liam III Shasana. Nuair a phós siad, bhog siad go Sráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath sular bhog siad go dtí an Corrán i gCluain Tarbh. Bhí seachtar clainne acu: Thornley, Matilda, Abraham (Bram), Tom, Richard, Margaret, agus George (a rugadh sa bhliain 1855).
Chuaigh fear céile Stoker ar scor in 1865 agus é 65 bliana d’aois. Bhog sé go dtí an Fhrainc lena bhean, Matilda agus Margaret i 1872 mar go raibh an costas maireachtála níos ísle ann. D’fhág siad a gcúigear mac, a bhí ag déanamh go maith, Thornley, Richard agus George i gcúrsaí leighis, Bram i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, agus Tom, ag staidéar fós i gColáiste na Tríonóide.
Fuair fear céile Stoker bás ar 12 Deireadh Fómhair 1876 agus cuireadh in Tirana é. D’fhill Stoker ar Bhaile Átha Cliath in 1885. Bhí Bram i Londain ag an am seo agus d’iarr uirthi scríobh chuige faoi na heachtraí i Sligeach i 1832. Bhain Bram úsáid as seo mar fhoinse dá leabhar Dracula.
Fuair Stoker bás i 1901. Bhí sí 83 bliain d'aois agus ag éirí dall. Tá sí curtha i Reilig Chnocán Iaróm.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Charlotte Stoker, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.