Tá breall ag fir agus ag mná ach ní ionann iad in aon chor, cé gur eascair siad ón bhall céanna nuair a bhí an suth á fhorbairt sa bhroinn.
Cuid de | reproductive system (en) |
---|---|
Téarmaíocht anatamaíoch |
Níl an bhreall ann ach chun sámhas a thabhairt do mhná. Is ball beag é an bhreall bhaineann, lonnaithe sa phit, os cionn an fhaighin. Bíonn sí clúdaithe ag na beola móra agus na beola beaga sa phit, agus tá clúdach ag an mbreall féin ar a ghlaotar cochall na breille. Is ball an-íogair í an bhreall bhaineann agus músclaíonn sí mná nuair a chuimiltear nó nuair a litear an bhreall agus an háiteanna máguaird. Má theastaíonn ó mhná súnás a bheith acu, is fearr an bhreall a chuimilt. Nuair a bhíonn súnás ag mná, téann an bhreall i bhfolach.
Is ar bharr an bhoid atá an bhreall fhireann. Tá cruth ar nós beacán uirthi. Tá gola ar bharr na breille. Is as an ngola seo a scaoiltear mún nó fual agus síol an fhir nuair a bhíonn súnás aige. Clúdaíonn forchraiceann boid an bhreall de ghnáth, mura bhfuil an forchraiceann timpeallghearrtha. Tá barr na breille an-íogair dos na fir. Má fhaghrítear an chuid seo den bhreall, músclaíonn sé an fear agus bíonn éirí air. Má leantar ag faghairt an bhreall fhireann, beidh súnás ag an bhfear agus steallfar síol amach as an ngola sa bhreall.
Is síol anatamaíochta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Breall, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.