Is aisteoir, fuirseoir agus ceoltóir é William Billy Connolly, a rugadh ar 24 Samhain 1942 in Anderston, Glaschú, in Albain.
Tá aithne air chomh maith mar The Big Yin (an Fear Mór): tá Connolly sé throigh (nó 1.83 méadar) ar airde.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) William Connolly 24 Samhain 1942 81 bliana d'aois Glaschú, Scotland |
Faisnéis phearsanta | |
Náisiúntacht | Albanach |
Reiligiún | An tAindiachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | St. Gerard's RC Secondary (en) St Peter's Boys School, Stewartville St, Glasgow (en) |
Áit chónaithe | Windsor Florida |
Gníomhaíocht | |
Gairm | aisteoir, aisteoir stáitse, amhránaí, cumadóir, giotáraí, scríbhneoir scripte, fuirseoir ar a boinn, aisteoir scannáin, fuirseoir, bainseóí, aisteoir teilifíse |
Tréimhse oibre | 1965 – |
Teangacha | Béarla |
Uirlis | Bainseó, armónach agus giotár |
Lipéad ceoil | Polydor Records |
Teaghlach | |
Céile | Iris Pressagh (1969–1985), colscaradh Pamela Stephenson (1989–) |
Gradam a fuarthas | |
Suíomh gréasáin | billyconnolly.com |
|
Thosaigh sé ag obair sna seascaidí mar tháthaire (déantóir coirí i gceart), ach d'éirigh sé as agus thosaigh sé ag seinm ceoil tíre. Ba bhall é den bhanna Humblebumbs le Gerry Rafferty, agus sa bhliain 1974 fuair sé conradh ceoil le Polydor.
Sna seachtóidí chuaigh sé le fuirseoireacht, ceird a chleachtann sé fós. Ina theannta seo, déanann sé roinnt aisteoireachta, agus tá sé le feiceáil sna scannáin Open Season, Lemony Snicket's A Series of Unfortunate Events, Pocahontas, The Last Samurai agus Man Who Sued God.
Sa bhliain 1997 bhuaigh Connolly Gradam BAFTA, rud a rinne sé arís sna blianta 1998 agus 1999. Sa bhliain 1997 bhuaigh sé duais eile i gcomhair an scannáin Mrs. Brown.
Bhí sé pósta tráth le hIris Pressagh, agus tá sé pósta anois leis an síceolaí agus iar-aisteoir Pamela Stephenson. Tá cúigear páistí aige (triúr le Stephenson agus beirt le Pressagh). Is iad na trádmharcanna atá aige ná a fhéasóg agus a bhainseó. Maíonn Connolly gurb seisean an t-aon aisteoir amháin a fuair bás i scannán de chuid na Muppets.
I Mí na Nollag sa bhliain 2003 bronnadh CBE air.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Billy Connolly, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.