Ballaonaid Chónaidhm Na Rúise

Tá Cónaidhm na Rúise comhdhéanta as cúig bhallaonad is ceithre scór, agus beirt ionadaithe ag gach aonad riaracháin den chineál sin i gComhairle na Cónaidhme, arb é teach uachtarach na Parlaiminte sa Rúis.

Is féidir na haonaid seo a aicmiú ina sé chatagóir, mar atá, poblachtaí, cúigí - область/oblast´ an téarma Rúisise, críocha (край/krai an téarma Rúisise), cúigí féinrialaitheacha (автономная область/avtonomnaya oblast' an téarma Rúisise), ceantair fhéinrialaitheacha (Rúisis: автономный округ/avtonomnyi okrug) agus Cathracha Cónaidhme.

  • Na poblachtaí féinrialaitheacha: tá aon cheann fichead acu ann. Tá gach poblacht den chineál seo ainmnithe as mionlach eitneach áitiúil, agus i dtús báire, bunaíodh iad le féinrialtas de chineál éigin a chur ar fáil don mhionlach. Go praiticiúil, is minic a bhíonn an Rúisis agus an cultúr Rúiseach chun tosaigh sna poblachtaí seo. Tá a bunreacht agus a parlaimint féin ag gach poblacht den chineál seo.
Ballaonaid Chónaidhm Na Rúise
  • Na cúigí: is é an cúige an ballaonad is tipiciúla sa Chónaidhm. Tá seacht gceann is dhá scór acu ann. Gobharnóir atá i gceannas ar gach cúige, agus is é an rialtas lárnach i Moscó a cheapann é. Thairis sin, tá oireachtas de chineál éigin ann, agus na teachtaí á vótáil isteach sna toghcháin. Go ginearálta, is ionann ainm an chúige agus ainm na cathrach is mó sa chúige.
  • Na críocha: ocht gcinn acu atá ann. Níl mórán difríochta idir iad seo agus na cúigí. Ainm stairiúil is ea an focal край ("críoch"), agus é ag tabhairt le tuiscint gur réigiún in aice leis an teorainn a bhí ann ar dtús.
  • Na cúigí féinrialaitheacha. Níl ach aon cheann amháin ann: Cúige Féinrialaitheach na nGiúdach. Bunaíodh é sa bhliain 1934 mar "mhalairt Iosrael" do na Giúdaigh, nó bhí Stailín buartha faoin Síónachas agus faoin tionchar a bhí aige ar Ghiúdaigh an Aontais Shóivéadaigh. Le fírinne, tá an cúige suite sa Chian-Oirthear, cois na Síne, agus is beag Giúdach a bhí sásta socrú síos ansin.
  • Na ceantair fhéinrialaitheacha. Tá sé cinn ann. Tá siad idir eatarthu ó thaobh an stádais de - níl siad chomh féinrialaitheach leis na poblachtaí, ach tá siad níos féinrialaithí ná na gnáthchúigí. Le haghaidh na mionlach eitneach a bunaíodh na ceantair seo, cosúil leis na poblachtaí féinrialaitheacha.

Tags:

An RúisRúisis

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Three Mile IslandAmerican Idol (sraith 20)UbhRóbaiticFadVirginia WoolfNew HampshirePolagamas1526Inscne neamhdhénártha2022The Voice (séasúr 14 na SA)1892FisicComhdháil na Stát AontaitheAn tSín1989Íbis bheannaitheCeithre SheodCíréib SowetoCnaíDamhsaAesculusRíocht RómhánachAbrahámAm Uilíoch Comheagartha14 FeabhraSúnásSan Bernardino, CaliforniaSorcóirDéshúileachFerrari (comhlacht)1885FearthainnMoscadal1981PárLúin ChealtchairAn GhearmáinEddy Grant1 LúnasaCúige Chonnacht6Mentha aquaticaCachtasLeathréOráiste (dath)Linda ErvineIAlbainSacarGraz1930MNáisiúnachasDearbhú Uilechoiteann Chearta an DuineMarie Antoinette na hOstaireAn tSlóvaicisÉirí Amach na CáscaAn GhearmáinisSaill2BriúlánPádraig Mac SuibhnePinginAn AirgintínWarren G. HardingCasmhóimintDaoine gealaImoibriú ceimiceachAn BhealarúisMúnlachThe Voice (séasúr 7 na SA)Zooey Deschanel🡆 More