Mionphláta teicteonach is ea Pláta na Somáile, nó an Pláta Somálach, atá ar scaradh gabhail ar an meánchiorcal sa leathsféar thoir.
Cineál | Pláta teicteonach | |||
---|---|---|---|---|
Teorainneacha le | Pláta na hAfraice an Pláta Indiach an Pláta Astrálach an Pláta Antartach an Pláta Arabach | |||
Tréithe | ||||
Trasnaíonn | an tSomáil, an Aetóip, an Chéinia, an Tansáin, Poblacht Mhósaimbíc, an Afraic Theas, Leosóta, Ríocht Esuaitíní, Madagascar agus Na Séiséil | |||
Rinneadh Pláta na Somáile idir 60 milliún bliain ó shin agus 10 milliún bliain ó shin nuair a scoilt Pláta na hAfraice ó Chlais na hAfraice Thoir. Toisc go ndeighleann Clais na hAfraice Thoir an mhór-roinn ina dhá phláta, tugtar uaireanta an Pláta Núibiach ar Phláta na hAfraice ó dheas ón scoilt.
Tá Pláta na Somáile timpeallaithe san oirthear ag Clais na hAfraice Thoir, a shíneann ó dheas ón gcumar triarach sa Logán Afáireach, agus síneann an scoilt faoin bhfarraige ag leathnú ó dheas amach ón gcósta. Ar feadh chósta na hAraibe Sádaí a shíneann an Droim Áidin. Is é an Droim Indiach Láir a teorainn thoir, agus tugtar 'Droim Carlsberg', freisin, ar an gcuid thuaisceartach. Is é an Droim Indiach Thiar an teorainn theas. Léiríonn dátú bolcánachais in Oileáin Chomóra, agus sna bolcáin i dtuaisceart Mhadagascar ráta gluaisne chuig an oirthir thar bhall te de thart ar 45 mm sa bhliain.
Is síol tíreolaíochta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article An Pláta Somálach, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.