Is é an Búda an t-ainm a thugtar ar Gautama Siddartha, bunaitheoir an Bhúdachais, agus ciallaíonn sé ‘an té atá ina dhúiseacht’.
Rugadh é thart faoin mbliain 550 RCR i dtuaisceart na hIndia agus ba rí é a athair.
Deirtear go ndearnadh tairngreacht agus an Búda ina pháiste go rachadh sé sna manaigh nuair a bheadh fulaingt agus cruachás an domhain tugtha faoi deara aige agus go ndéanfadh sé cion tairbhe iontach tábhachtach ó thaobh na spioradáltachta de, rud nár thaitin lena athair ar chor ar bith.
Thóg a athair gairdín mór dó agus chuir sé cosc ar aon radharc a bhainfeadh leis an bhfulaingt. Lá amháin, áfach, d’éalaigh an Búda, agus chonaic sé ceithre radharc: seanfhear, fear tinn, marbhán agus manach. I ndiaidh dó na rudaí seo a fheiceáil, chinn sé ar phálás an rí a fhágáil le bheith ina mhanach agus fáil amach faoin mbealach ab fhearr le cosc a chur ar an bhfulaingt.
Chaith sé tamall ag staidéar leis na haiséitigh éagsúla chun ióga a fhoghlaim, ach ní raibh sé sásta leis an dul chun cinn a bhí á dhéanamh aige. D’imigh sé uathu agus shuigh sé síos faoi scáth crainn bodhi, agus mhóidigh sé fanacht ansin go mbeadh an eagnaíocht bainte amach aige.
Deirtear, agus é ina shuí ansin, gur mhothaigh sé fulaingt iomlán an chine dhaonna agus gach neach eile, ach ag deireadh na tréimhse chuaigh sé isteach sa nirbheána, ó bhí an eagnaíocht bainte amach aige.
Ar dtús bhí rún aige fanacht ansin gan focal a rá le haon duine eile, ach deirtear go raibh guth ón dia Brahma ag impí air an t-eolas sin a roghnú. Mar sin, chaith an Búda cúig bliana is dhá fhichead ag dul gach áit ag tabhairt cuidithe do dhaoine a bhí i gcruachás.
Theagasc an Búda na ceithre fhírinne uaisle:
Bhunaigh an Búda ord manach agus siúrach agus bhí lucht leanúna tuata aige fosta.
I rith na n-aoiseanna a lean, bhí líon ollmhór daoine ag leanúint a theagaisc, mar is amhlaidh inniu, agus is cinnte gur duine de mhórghiniais spioradálta i stair an domhain é an Búda.
Ceiliúrtar Lá Vesak gach bliain, i mí na Bealtaine de ghnáth (athraíonn an dáta gach bliain mar úsáidtear féilire na gealaí leis an dáta a chinntiú).
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article An Búda, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.