Glaotar aló (nó fóifíneach; géineas Aloe as Laidin) ar ghéineas phlandaí, ina bhfuil timpeall 500 speiceas plandaí blátha súmhara.
Is é an t-aló íceach (Aloe vera as Laidin — a chiallaíonn “an fíoraló”) an speiceas is cáiliúla. Géineas dúchasach don Afraic atá ann, agus is minic a fhaightear é i gCúige Rinne na hAfraice Theas, i sléibhte na hAfraice Trópaicí, agus i gceantair ghaolmhara ar nós Madagascar, Leithinis na hAraibe, nó ar oileáin na hAfraice.
Aloe | |
---|---|
Aloe hereroensis | |
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | aló |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Asparagales |
Fine | Asphodelaceae |
Fofhine | Asphodeloideae |
Géineas | Aloe L., 1753 |
Cineál tacsanomaíoch | Aloe disticha |
Ainmníocht | |
Géineas | baininscneach |
Is minic a shaothraítear an t-aló mar phlanda maisiúcháin do gharraithe agus potaí araon. Úsáidtear an t-aló íceach ar dhaoine go hinmheánach agus go seachtrach, mar síltear go bhfuil araíonna leighis aici. Is féidir uachtar bog a dhéanamh den ghlóthach ina duilleoga a chneasaíonn dónna ar nós griandó. Freisin is féidir cineálacha gallúnaigh speisialta a dhéanamh astu.
Tá timpeall 400 speiceas den ghéineas Aloe ann. Samplaí ná:
|
|
Bhí aló le fail ar stampaí 1919 sa Bhatúim, leath-féinrialtach den Ghrúis i réigiún deisceartach na Cugais.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Aló, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.