Amhránaí Aglaé: Aisteoir agus amhránaí Ceanadach

Amhránaí aguis aisteoir ba ea Aglaé (a rugadh mar Jocelyne Deslongchamps).

Rugadh í in L'Épiphanie, (Québec), ar an 13 Bealtaine 1933 agus fuair sí bás in Montréal ar an 19 Aibreán 1984.

Infotaula de personaAglaé
Beathaisnéis
Breith(fr) Jocelyne Deslongchamps
13 Bealtaine 1933
L'Épiphanie, Quebec Cuir in eagar ar Wikidata
Bás19 Aibreán 1984
50 bliana d'aois
Montréal, Quebec Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteAglaé Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí, ban-aisteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1949 –  1984
UirlisCeol gutha

IMDB: nm0013080 Discogs: 2833543 Find a Grave: 24278604 Cuir in eagar ar Wikidata

Beatha

Tháinig Aglaé os comhair an phobail i gceabairéanna Montréal, go háirithe sa cheabairé Au Faisan Doré. Chuir Pierre Roche, pianódóir a thionlacadh Charles Aznavour, suim inti agus phós sí é in 1950. Chónaigh siad i bPáras idir 1952 agus 1964, áit is mó ar tháinig gnaoi na ndaoine uirthi. Thaifead sí “Aglaé,” amhrán le Lionel Daunais, in éineacht le Michel Legrand, agus tháinig an oiread sin éilimh air gurbh é sin ab ainm ealaíne di feasta.

Chan sí in amharclanna i bPáras agus ina dhiaidh sin san Eilvéis, sa Bheilg, i Lucsamburg, san Ísiltír, san Ailgéir, i Maracó agus sa Túinéis. Sa séasúr 1955-56 rinne sí páirteanna i mion-cheoldrámaí, agus bhí sí le cloisteáil sna scannáin Les Nuits de Montmartre agus À la manière de Sherlock Holmes.

D’fhill sí ar Québec in 1963, agus an bhliain dár gcionn chuir sí féin agus Roger Baulu an clár Rouli-roulant (Radio-Canada) i láthair. Bhí éileamh fós ar a cuid ceirníní ach níor tháinig sí os comhair an phobail ó 1966 amach.

Tá sí feiceáil sa scannán Y'a toujours moyen de moyenner! (1973).

Fuair sí bás in Montréal ar an 19 Aibreán 1984 in aois a caoga bliain.

Amharclannaíocht

  • 1962: Les hommes préfèrent les blondes ó leabhar le Anita Loos, léirithe ag Christian-Gérard sa Théâtre des Arts.

Le cloisteáil

Aglaé et Ovila Légaré - "La Bastringue" (1975): [1]

Aglaë – “On se quitte”: [2]

Foinsí

Tags:

Amhránaí Aglaé BeathaAmhránaí Aglaé AmharclannaíochtAmhránaí Aglaé Le cloisteáilAmhránaí Aglaé FoinsíAmhránaí AglaéMontréalQuébec

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

1655Phnom PenhGréasán DomhandaAn Iodáil1975AgraGottfried LeibnizDaon-Phoblacht na SíneHidrileictreachasPolagamasAn OstairAn tAontas Eacnamaíoch EoráiseachZWiki FoundationPárCóras Idirnáisiúnta na nAonad1959DubáilEachtraí Eilíse i dTír na nIontas69Tor an fhéileacáinSamhradhAbrahámEuroSeoltacht theirmeachNIsaac AsimovAn tSeicAn ChasacstáinThe Voice (séasúr 5 na SA)Inis OírrBarnaulThe Voice (séasúr 15 na SA)An LibiaNua-Eabhrac (stát)UbhPrionsa Pilib, Diúc Dhún ÉideannAimnéiseBrocaire BhostúinPeil GhaelachFerdinand von ZeppelinAn Luan1915Cogadh Cathartha na RúiseAilbhe Ó MonacháinMagellan33HisticeimicDúnmharuithe Charraig Ceasail agus Bhéal Feirste (1993)CrónasGlámh dícheannBuirg Londan Tower HamletsIasc20 Deireadh FómhairValle d'Aosta1 AibreánComhdháil na Stát Aontaithe1901NeadFearDóchúlachtCiara BravoPárasFealsúnachtFrank Lampard1920Buddleja davidiiAn fearann poiblíTeinisínAn BúdaPoll na mBrónInstagramLittle Rock, ArkansasGustavo Petro🡆 More