Suite ar oileán ficseanúil le linn an Chogaidh Chathartha, insíonn an scannán, The Banshees of Inisherin, scéal Phádraic (Colin Farrell) agus Choilm (Brendan Gleeson), beirt a bhí an-mhór lena chéile i gcónaí go dtí gur chuir duine acu críoch thobann leis an gcairdeas.
Bíonn tionchar mór aige sin orthu beirt.
Buneolas | |
---|---|
Stiúrthóir | Martin McDonagh |
Príomhcharachtair | |
Léiriú | Graham Broadbent agus Peter Czernin |
Script | Martin McDonagh |
Ceol | Carter Burwell |
Grianghrafadóireacht | Ben Davis |
Eagarthóireacht scannáin | Mikkel E.G. Nielsen |
Comhlacht léiriúcháin | Film4 Productions, Blueprint Pictures agus TSG Entertainment |
Dáileoir | Searchlight Pictures |
Mionsonraí | |
Tír bhunaidh | Éire, an Ríocht Aontaithe agus Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Céadléiriú | 5 Meán Fómhair 2022 |
Fad ama | 114 min |
Bunteanga | Béarla |
Suíomh scannánaíochta | Inis Mór agus Acaill |
Dath | daite |
Formáid | 2.39:1 |
Buiséad | 20,000,000 $ |
Tuilleamh | 2,013,590 € (an Iodáil) 49,262,687 $ (domhanda) 10,582,266 $ (Stáit Aontaithe Mheiriceá) 11,579,680 $ (an Ríocht Aontaithe) |
Cur síos | |
Seánra | scannán grinn, scannán drámaíochta, dúghreann agus greanntraigéide |
Rátáil MPAA | R |
Príomhábhar | cairdeas agus feasacht ar an mbás |
Suíomh scéalaíochta | Saorstát Éireann agus Inis Éireann |
Socraithe sa tréimhse | Cogadh Cathartha na hÉireann agus Aibreán 1923 |
Taispeánann sé/sí | Bean sí |
Liosta na ngradam agus na n-ainmniúchán | |
Ainmnithe do | |
Gradam a fuarthas | |
Suíomh gréasáin oifigiúil | bansheesofinisherinfilm.com |
Is é The Banshees of Inisherin an chéad scannán ag an an dramadóir agus stiúrthóir Martin McDonagh atá suite in Éirinn. Rinneadh The Banshees of Inisherin a scannánú in 2021 ar Inis Mór agus Acaill. Is é McDonagh, fear de bhunadh Chonamara, a scríobh agus a stiúir an scannán agus na haisteoirí Brendan Gleeson agus Colin Farrell atá sna príomhpháirteanna ann (d’oibrigh an triúr le chéile cheana ar an scannán In Bruges). Tá Kerry Condon agus Barry Keoghan agus an t-aisteoir Bríd Ní Neachtain ar thriúr eile de na príomhaisteoirí sa scannán.
Bronnadh trí Golden Globe ar an scannán in Beverley Hills in Los Angeles i mí Eanáir 2023,
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article The Banshees of Inisherin, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.