Bean Éireannach a rinne iarracht Benito Mussolini a mharú ab ea Violet Albina Gibson (31 Lúnasa 1876 – 2 Bealtaine 1956).
Iníon an Tiarna Ashbourne a bhí inti. I mBaile Átha Cliath a rugadh í.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 31 Lúnasa 1876 Baile Átha Cliath (Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann) |
Bás | 2 Bealtaine 1956 79 bliana d'aois Northampton, England |
Siocair bháis | Galar |
Áit adhlactha | Reilig Kingsthorpe |
Teaghlach | |
Athair | Edward Gibson agus Frances Maria Adelaide Colles |
Siblín | William Gibson, Dara Barún Ashbourne |
Ar 7 Aibreán 1926 scaoil Gibson le Mussolini, a bhí ina shuí i ngluaisteán i ndiaidh óráid a thabhairt sa Róimh. Scaoil sí dhá urchar leis. Ar éigin a bhí sé gortaithe, áfach. Cuireadh bindealán ar a shrón agus lean Mussolini leis sa pharáid a bhí ceaptha don lá.
Ba bheag nár linseáladh Gibson (mar a tharla i gcás fear óg a rinne iarracht Mussolini a mharú ar ócáid eile). Gabhadh í, agus toisc ise ina heachtrannach agus ina gealt, dar leis na húdaráis Iodálacha, d'ordaigh Mussolini í a chur chuig an Bhreatain Mhór gan an dlí a chur uirthi sa chúirt.
Chaith sí an chuid eile dá saol in ospidéal síciatrach, Saint Andrew's, in Northampton. Tá Gibson curtha i Reilig Kingsthorpe sa chathair chéanna.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Violet Gibson, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.