Sa mhiotalóireacht, próiseas ina dteilgtear miotal leáite isteach i múnla le toisí an-chruinne.
Déantar an múnla as ábhair theasfhulangacha, meascán de ghaineamh is cré a phacáiltear ar phatrún múnlaithe (macasamhail den réad atá le táirgeadh). Uaireanta déantar an múnla ina dhá leath chun gur féidir an patrún a bhaint as roimh an teilgean. Uaireanta déantar an patrún múnlaithe as céir, baintear an chéir as an múnla dúnta trí théamh. agus leáitear is galaítear an chéir amach as roimh an teilgean. I dteilgcheárta a dhéantar an réamhobair seo, agus an teilgean féin. Chun réada ardchruinnis a fháil ní mór patrún ardchruinnis a chruthú, agus is obair sciliúil é sin. Is féidir cóimhiotail ar leith, go minic iad sin a chuimsíonn sinc, a theilgean i ndísle, is é sin é a theilgean faoi bhrú i múnla casta inathúsáidte le cruth casta a tháirgeadh. Déantar a leithéid le plaisteach freisin.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Teilgean (miotalóireacht), which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.