Teangeolaí agus ollamh le fileolaíocht Rómánsach ag Ollscoil Tsudajuku, Tóiceo is ea an Seapánach Takekazu Asaka (a rugadh i Tóiceo sa bhliain 1952).
D'aistrigh sé saothair scríbhneoirí na Gailísise mar Rosalía de Castro, Ramón Cabanillas, Uxío Novoneyra go Seapáinis. D'fhoilsigh sé an chéad ghraiméar Gailísise sa tSeapáinis. Sainmhínítear é mar "ambasadóir ar an gcultúr Gailísise sa tSeapáin".
Ainm sa teanga dhúchais | (ja) 浅香武和 |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 1952 71/72 bliana d'aois Tóiceo, An tSeapáin |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Kansai Gaidai University (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | teangeolaí, ollamh, aistritheoir |
Teangacha | An tSeapáinis agus an Ghailísis |
Tá sé freagrach as eagrú, i dTóiceo agus i gcathracha eile, ciogail ceoil agus filíochta Gailísise chun 'Día de las Letras Gallegas' (Gaeilge: Lá Litríochta na Gailísise) a cheiliúradh. Ó mhí an Mheithimh 2017, ba chomhalta comhfhreagrach den Real Academia Galega é (Acadamh Ríoga na Gailísise), mar aitheantas ar a chuid oibre.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Takekazu Asaka, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.