Lacha a itheann éisc is ea an tsíolta.
Tá ceithre speiceas beo ann a chuimsíonn an géineas Mergus san fhofhine Anatinae. Is focal Laidine é ainm an ghéinis a d’úsáid Plinias Mór agus údair Rómhánacha eile chun tagairt a dhéanamh d’éan uisce neamhshonraithe.
Mergus | |
---|---|
síolta rua | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Aves |
Ord | Anseriformes |
Fine | Anatidae |
Fofhine | Anatinae |
Géineas | Mergus Linnaeus, 1758 |
Faightear an tsíolta mhór (Mergus merganser) agus an tsíolta rua (M. serrator) go forleathan sa leathsféar thuaidh. Is lacha as Meiriceá Theas é an tsíolta Bhrasaíleach (M. octosetaceus) — tá sé ar cheann de na sé éan uisce is mó atá faoi bhagairt ar domhan, b’fhéidir níos lú ná 250 éan san fhiántas. Tá an tsíolta Shíneach (M. squamatus) i mbaol freisin. Tá sé ina chónaí in Oirthear na hÁise sa chrios measartha, ag pórú sa tuaisceart agus ag geimhriú sa deisceart.
Níl an tsíolta chochaill (Lophodytes cucullatus, ar a dtugtaí Mergus cucullatus roimhe seo) ina bhall den ghéineas seo ach tá dlúthbhaint aige leis. Tá an tsíolta gheal (Mergellus albellus, ar a dtugtar “an smiú” freisin), níos gaire do na hórshúiligh (Bucephala) ó thaobh na fíligineachta de.
Tá ceithre speiceas beo agus dhá speiceas dhíobhaí sa ghéineas.
Pictiúr | Ainm eolaíochta | Ainm coitianta | Dáileadh |
---|---|---|---|
† Mergus australis | Síolta na Nua-Shéalainne | An Nua-Shéalainn (díobhaí c. 1902) | |
Mergus merganser | Síolta mhór | An Eoraip, tuaisceart agus lár na hÁise, agus Meiriceá Thuaidh | |
† Mergus milleneri | Síolta Oileán Chatham | Oileán Chatham, an Nua-Shéalainn (díobhaí am éigin tar éis gur lonnaigh daoine ar Oileáin Chatham, thart ar 1500) | |
Mergus octosetaceus | Síolta Bhrasaíleach | An Bhrasaíl | |
Mergus serrator | Síolta rua | Tuaisceart Mheiriceá Thuaidh, an Ghraonlainn, an Eoraip, agus an Áise. | |
Mergus squamatus | Síolta Shíneach | An Áise Thoir |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Síolta, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.