Is polaiteoir Éireannaché Phil Hogan, as Cill Chainnigh ó dhúchas.
Tá sé ina bhall d'Fhine Gael.
Bhí Hogan ina Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil ó 2011 go dtí 2014. D’fhógair an t-aire sa bhliain 2013 go gcuirfí tús le lonnú méadar uisce taobh amuigh de thithe in 2013, agus go ngearrfaí táillí ó 2014.
Theip go dona ar a phlean. Dúirt Hogan i 2014 nár thuigeadar cé chomh goilliúnach gortaithe a bhí daoine faoi chiorruithe agus táillí uisce agus maoine agus ciorruithe eile déine.
Bhí Hogan ina Choimisinéir Eorpach um Talmhaíocht agus Forbairt Tuaithe idir 2014 agus 2019, faoi stiúir Jean-Claude Juncker.
Sa bhliain 2019, ceapadh mar Choimisinéir Trádála é faoi stiúir Ursula von der Leyen.
An bhliain dár gcionn, bhí Hogan éirithe as a phost mar Choimisinéir Trádála an Aontais Eorpaigh mar gheall ar an gconspóid faoin gcuairt a thug sé ar Éirinn i Lúnasa 2020. Dúradh gur sháraigh sé treoirlínte Covid-19 an Rialtais nuair a bhí sé in Éirinn.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Phil Hogan, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.