Raon ceimiceán, ar peiptídí iad, a chuimsíonn einceifilíní, ionoirfíní is dionoirfíní, a fhaightear san inchinn, corda an dromlaigh, an fhaireog phiotútach, conair an díleá, agus an meideall aidréineach.
Tugtar codlaidínigh inghiniúla orthu freisin. San inchinn is corda an dromlaigh feidhmíonn siad de réir dealraimh mar néaratharchuradóirí nó néaramhodhnóirí ag plé le haireachtáil péine. Luaitear na hiarmhairtí seo ar lárchóras na néaróg: anailgéise láidir, meidhréis is lagú riospráide. De réir cosúlachta imríonn siad ar sho-ghluaisteacht an inne is tál hormón ag an bhfaireog phiotútach freisin.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Peiptídí codlaidíneacha, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.