Is file Éireannach agus láithreoir teilifíse é Pat Ingoldsby (25 Lúnasa1942) Rugadh i Mullach Íde, Baile Átha Cliath é. Sna 1980í, bhí sé ina óstach ar chláracha teilifíse do pháistí, scríobh sé drámaí don stáitse agus don raidió, d’fhoilsigh sé leabhair ghearrscéalta agus bhí sé ina cholúnaí nuachtáin. Ó lár na 1990idí, d’éirigh sé as na meáin chumarsáide agus is mó aithne air as a chuid bailiúcháin filíochta, agus iad á ndíol ar shráideanna Bhaile Átha Cliath (ar Sráid Westmoreland nó Faiche an Choláiste de ghnáth).
I mí an Mhárta 2022, d’óstáil Ard-Mhúsaem Litríocht Éireann (MoLI) taispeántas físe chun eisiúint an díolama is déanaí de chuid Ingoldsby, In Dublin They Really Tell You Things — Pat Ingoldsby, Selected Poems 1986 – 2021, a cheiliúradh.
Scríobh Ingoldsby roinnt eipeasóid de Wanderly Wagon freisin
Scannánaíocht
The Peculiar Sensation of Being Pat Ingoldsby, clár faisnéise 2022 leis an stiúrthóir scannán Seamus Murphy faoi shaol agus shaothar Pat Ingoldsby (arna léiriú ag Broadstone Films, Baile Átha Cliath).
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Pat Ingoldsby, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses. ®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.