Comhlacht Seapánach is ea Nintendo Co., Ltd (Seapáinis: 任天堂株式会社) a tháirgeann earraí leictreonaice agus físchluichí le ceanncheathrú acu i Kyoto.
Bunaíodh an comhlacht faoin ainm Nintendo Karuta sa bhliain 1889 ag ceardaí darb ainm Fusajiro Yamauchi chun na cártai imeartha lámhdhéanta siúd hanafuda a dhéanamh. Sna 1960idi, thosaigh réimsí an chomhlachta ag leathnú i dtreo earraí eile agus chuir Nintendo a chéad chonsól cluichí, The Color TV-Game, ar an margadh sa bhliain 1977. Le scaoileadh an Nintendo Entertainment System sa bhliain 1985, bhain Nintendo aitheantas idirnáisiúnta amach den chéad uair.
Ó shin i leith, tá cuid mhaith de na consóil chluichí is mó rath i stair an thionscail cruthaithe acu, mar atá an Game Boy, Super Nintendo Entertainment System, Wii agus an Nintendo Switch. Anuas ar sin, is iomaí saincheadúnas suntasacha atá scaoilte acu, amhail Donkey Kong, Mario, The Legend of Zelda, Kirby, Metroid, Fire Emblem, Splatoon, Super Smash Bros. agus Pokémon.
Is síol faoin tSeapáin é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Nintendo, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.