Astralaí is lia a rugadh i Londain ab ea Nicholas Culpeper (1616-1654).
I 1649 d'fhoilsigh sé an chéad aistriúchán Béarla ar Pharmocopoeia Choláiste na Lianna i Londain, lámhleabhar údarásach na ndrugaí ceadaithe, a dtréithe, a n-úsáidí, a bhfo-iarsmaí, a n-ullmhúcháin is a ndáileoga molta: A Physical Directory (Eolaí Fisiciúil) a thug sé air. I 1652 d'fhoilsigh sé The English Physician (An Lia Sasanach) agus i 1653 The Complete Herbal (An Leabhar Críochnúil Luibheolaíochta).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 18 Deireadh Fómhair 1616 Surrey, England |
Bás | 10 Eanáir 1654 37 bliana d'aois Londain, England |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Eitinn) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Cambridge |
Gníomhaíocht | |
Gairm | dochtúir leighis, astralaí, luibheolaí, poitigéir |
Teangacha | Béarla |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Nicholas Culpeper, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.