Rugadh agus tógadh Murchadh MacPhàrlain nó Bàrd Mhealaboist, i Mealaboist, sráidbhaile beag in aice le Steòrnabhagh, san Eilean Leòdhais.
Ar scoil, d’fhoghlaim sé Béarla, Laidin agus roinnt Fraincise ach ní bhfuair sé oideachadh trí Ghaeilge riamh.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 15 Feabhra 1901 Mealabost, Scotland |
Bás | 7 Samhain 1982 81 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, saighdiúir, file |
Seánra | Filíocht |
Teangacha | Gaeilge na hAlban |
Chuaigh Murchadh ag obair don Tiarna Leverhulme, ar chuid de na scéimeanna a bhunaigh sé ar Eilean Leòdhais, ach nuair a theip air sin, ar nós na mílte eile, chuaigh sé ar imirce go Ceanada. Chaith sé roinnt blianta i Manitoba, áit nár thaithin leis, agus d'fhill sé ar ais abhaile i 1932. Rinne sé a sheirbheis náiseanta idir 1942 agus 1945.
Chaith sé an chuid eile dá shaol i Leòdhas ag obair mar chrochtóir. Níor phós sé riamh.
Tríd an scríbhneoireacht, cuireann Murchadh síos ar an mhéid a chonaic sé agus a d’fhulaing sé féin, i Leòdhas, i gCeanada agus i mblianta an chogaidh.
Fuair cuid dá dhánta aitheantas trí bheith á gcanadh ag bannaí Gaelacha éagsúla, na h-Òganaich agus na Siaraich ina measc. Agus bhuaigh sé gradam as 'Mi le m’ Uillinn' a scríobh nuair a sheinn na h-Oganaich é ag an bhFéile Phan-Cheilteach 1972 i gCill Airne. Tá dhá leabhar d'filíocht Mhurchaidh foilsithe, An Toinneamh Dìomhair i 1973 agus Dàin Mhurchaidh i 1986.
D’éag sé 7 Samhain, 1982.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Murchadh MacPhàrlain, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.