Bean rialta Chaitliceach Rómhánach Meiriceánach, oideoir agus ceannródaí san eolaíocht ríomhaireachta a bhí in Mary Kenneth Keller B.V.M.
(t. 1913 – 10 Eanáir 1985). Ar 7 Meitheamh 1965, in éineacht le Irving Tang in Ollscoil Washington, bronnadh an chéad dochtúireacht san ábhar sin sna Stáit Aontaithe uirthi. Thuill sí a céim ó Ollscoil Wisconsin-Madison. Inductive Inference on Computer Generated Patterns teideal a téis dochtúireachta.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Evelyn Marie Keller 17 Nollaig 1913 Cleveland, Ohio |
Bás | 10 Eanáir 1985 71 bliana d'aois Dubuque, Iowa |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Caitliceachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Wisconsin–Madison - céim dochtúireachta (1962–1965) Ollscoil Clarke Ollscoil DePaul Coláiste Mundelein |
Comhairleoir dochtúireachta | Preston C. Hammer |
Áit chónaithe | Dubuque |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Ríomheolaíocht |
Gairm | eolaí ríomhaireachta, siúr, múinteoir ollscoile, matamaiticeoir |
Fostóir | Ollscoil Clarke |
Ball de | |
Ord crábhaidh | Daughters of Charity of Saint Vincent de Paul (en) |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Rugadh Keller in Ohio sa bhliain 1913 nó 1914. Chuaigh sí isteach san ord úd Siúracha Carthanachta an Mhaighdean Mhuire Beannaithe sa bhliain 1932. Thug sí a móideanna crábhaidh mar bhall de na Siúracha sa bhliain 1940. Bhain sí céim baitsiléara san eolaíocht amach sa bhliain 1943 agus céim mhaistir eolaíochta sa bhliain 1953 in Ollscoil DePaul.
Sa bhliain 1958, thosaigh Keller ag obair i gceardlann an National Science Foundation san ionad ríomhaireachta i gColáiste Dartmouth, ionad a bhí teoranta ag an am do na fir. Bhí sí páirteach ansin i bhforbairt na teanga ríomhchlárúcháin BASIC.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Mary Kenneth Keller, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.