Fisicí turgnamhach a rugadh i San Francisco ab ea Luis Walter Alvarez (13 Meitheamh 1911 – 1 Meán Fómhair 1988).
Rinne sé taighde ar radar le haghaidh loingseoireachta is tuirlingt aerárthach le linn An Dara Cogadh Domhanda. Thóg sé an chéad luasaire líneach (1947), shaothraigh an soitheach boilgeog, agus d'fhionn staideanna nua athshondacha san adamh is cáithníní nua fo-adamhacha leis. Bhuaigh sé Duais Nobel na Fisice i 1968 as an obair seo.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Luis Walter Alvarez, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.