Imreoir fichille Francach ab ea Louis-Charles de La Bourdonnais (1795–1840), a mheastar gurbh é an t-imreoir is láidre ar domhan go luath sa 19ú haois.
Rugadh La Bourdonnais ar oileán Réunion san Aigéan Indiach i 1795. D’fhoghlaim sé ficheall in 1814 agus thosaigh sé ar an gcluiche dáiríre in 1818, ag imirt go rialta sa Café de la Régence i bPáras, lárionad tábhachtach Eorpach fichille san 18ú agus 19ú haois. Taobh istigh de chúpla bliain bhí sé ar dhuine de na himreoirí is fearr sa Café.
Ainm sa teanga dhúchais | (fr) Louis-Charles Mahé de La Bourdonnais |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | c. 1796 La Réunion, An Fhrainc |
Bás | 13 Nollaig 1840 43/44 bliana d'aois Londain, England |
Áit adhlactha | Reilig Kensal Green |
Gníomhaíocht | |
Gairm | imreoir fichille |
Teangacha | An Fhraincis |
Tír spóirt | an Fhrainc |
Spórt | ficheall |
Teaghlach | |
Athair | Louis François Mahé de La Bourdonnais (en) |
Duine muinteartha | Bertrand-François Mahé de La Bourdonnais (seanathair athartha) |
B'éigean do La Bourdonnais a bheatha a thuilleamh mar imreoir fichille gairmiúil tar éis dó a shaibhreas a chailleadh ar mhargaí talún. D’imir sé i ré sular bunaíodh Craobh Fichille an Domhain, ach measadh gurbh é an t-imreoir is láidre ar domhan ó 1821 amach é go dtí a bhás sa bhliain 1840. Ba é an cluiche is cáiliúla sa tréimhse seo ná sraith cluichí a d'imir sé in aghaidh an imreora fichille Éireannaigh, Alexander McDonnell, sa bhliain 1834 agus a fheictear sa la atá inniu mar chluiche chraobh an domhain neamhoifigiúil.
D’éag La Bourdonnais gan phingin i Londain ar 13 Nollaig 1840, tar éis dó a bheith iallach air a shealúchais go léir a dhíol chun a chreidiúnaithe a íocadh, a chuid éadaí san áireamh. Socraíodh a adhlacadh faoi urchar méaróige d'uaigh a sheaniomaitheoir McDonnell i reilig Kensal Green i Londain.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Louis De La Bourdonnais, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.