Oifigeach de chuid an SS a bhí in Kurt Gerstein (rugadh i Münster é ar an 11 Lúnasa 1905, agus chuir sé lámh ina bhás féin i bPáras ar an 25 Iúil 1945) a bhí ina fhinné súl don Uileloscadh.
Bhí sé ina oifigeach sláinteachais ag an SS, agus nuair a thosaigh na Naitsithe ag marú Giúdaigh ar scála tionsclaíoch, bhí Gerstein i láthair nuair a baineadh triail as an aonocsaíd charbóin i sceithgháis an innill dóiteáin inmheánaigh sna campaí báis i mBełżec agus i dTreblinka. I ndiaidh dó an t-uafás seo a fheiceáil, thosaigh sé ag iarraidh eolas a scaipeadh faoina raibh ar siúl sna campaí báis, le súil is go bhfaigheadh na Comhghuaillithe amach faoi.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 11 Lúnasa 1905 Münster |
Bás | 25 Iúil 1945 39 bliana d'aois Páras, An Fhrainc |
Siocair bháis | Féinmharú (Crochadh) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Theicniúil Bheirlín |
Áit chónaithe | Münster Saarbrücken Halbestadt (en) Neuruppin |
Gníomhaíocht | |
Gairm | saighdiúir, innealtóir, gadaí ealaíne |
Tréimhse oibre | 1941 – |
Fostóir | SS Leadership Main Office (en) Concentration Camps Inspectorate (en) |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí na Naitsithe (1933–1933) |
Ball de | |
Teangacha | An Ghearmáinis |
Gairm mhíleata | |
Géillsine | Gearmáin na Naitsithe |
Brainse míleata | SS |
Céim mhíleata | Obersturmführer (en) |
Coinbhleacht | An Dara Cogadh Domhanda |
Ghlac sé/sí páirt i | |
1933 | Nazi plunder (en) |
Saothar | |
Saothar suntasach
|
Tá Gerstein ina chúis conspóide i measc lucht na staire i gcónaí. Cuid acu tá siad barúlach go raibh sé ina Chríostaí ionraic a d'insíothlaigh an SS as a stuaim féin le heolas a bhailiú faoi ainghníomhartha na Naitsithe. An chuid eile cuireann siad béim air gur innealtóir sláinteachais a bhí ann a rinne aireagáin a chuidigh leis na Naitsithe an tUileloscadh a chur i ngníomh. Is dóigh le cuid acu, fiú, nach raibh Gerstein ach ag iarraidh é féin a tharrtháil nuair a bhí an cogadh thart, agus nach ndearna sé a dhath le cabhrú leis na Giúdaigh le linn an chogaidh féin.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Kurt Gerstein, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.