Taidhleoir agus Éigipteolaí ab ea Henry Salt (14 Meitheamh 1780 – 30 Deireadh Fómhair 1827).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 14 Meitheamh 1780 Lichfield, England |
Bás | 30 Deireadh Fómhair 1827 47 bliana d'aois Desouk |
Consul general (en) | |
1815 – | |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Luibheolaíocht |
Suíomh oibre | Caireo |
Gairm | taidhleoir, maisitheoir, maisitheoir, topagrafaí, luibheolaí, seandálaí, péintéir, éigipteolaí, bailitheoir luibheolaíochta |
Ball de | |
Seánra | Portráid |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Giorrúchán luibheolaíochta | Salt |
Teaghlach | |
Athair | Thomas Salt |
Gradam a fuarthas |
D'fhás Salt suas i Lichfield, Sasana.
Sa bhliain 1815 ceapadh Salt mar phríomhchonsal Briotanach i gCaireo. Ba ghearr go raibh sé féin agus Bernardino Drovetti, an consal Francach, ag dul in adharca a chéile, agus iad araon ag iarraidh seandachtaí Éigipteacha a fháil ar ais nó ar éigean. Bhí gach duine acu ag brath ar dhiograiseoirí eile: bhí an sceitseálaí Frédéric Cailliaud agus an dealbhóir Jacques Rifaud ag cuidiú le Drovetti agus d’fhostaigh Salt Giovanni Battista Belzoni.
Chuir Salt tochailt á déanamh sa Téibh agus in Abú Simbel; é oilte ar léamh na n-iarglaifí agus bua na healaíne aige, rud a chuaigh ar sochar dó agus é ag léiriú a bhfaca sé ag taisteal dó.
Bhailigh sé a lán seandachtaí agus déantúsáin, agus é san Éigipt, go háirithe ceann Raimséas II (a taispeánadh in Iarsmalann na Breataine) agus sarcafagas Raimséas III (ar cheannaigh an Louvre é).
Cailleadh Salt i Desouk san Éigipt. Tá sé curtha i gCathair Alastair.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Henry Salt, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.